¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.
Agus do ċuádar amaċ san meaḋon láoi. Aċt do ḃí Ben‐hadad ag ól ġa ċur féin ar meisge annsna páilliúnuiḃ, é féin agus na ríġṫé, an dá ríġ ḋéug ar ḟiṫċid do ḃí ag cungnaṁ leis.
Iona tteas do ḋéana misi a ḃféusta, agus cuirfe mé ar meisce íad, ċor go ngáirdeoċuid, agus go ccoideoluid codlaḋ síoṫḃúan, agus naċ múisgeoluid síad, a deir an TIĠEARNA.
Agus cuirfe mé a prionnsaḋa ar meisce, agus a daoine críonna, a caiptíne, agus a huaċtaráin, agus a daoine cuṁaċdaċa: agus coideoluid codlaḋ siorruiḋe, agus ní ṁuisceoluid, a deir an ríġ, darab ainm TIĠEARNA na slóġ.
¶ Agus ṫáinig Abigail go Nábal; agus, féuċ, do ċonnuiṁ sé féusta iona ṫiġ, aṁuíl féusta ríġ; agus do ḃí croiḋe Nábal súgaċ ann, óir do ḃí sé ar meisge go mór: uime sin níor innis sisi ḋó einníġ, a ḃeag nó a ṁór, nó go ttáinic maidin ar na ṁáraċ.
¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuċ, do ḃádar ar feaḋ na talṁan leaṫnuiġe, ag iṫe agus ag ól, agus ag daṁsa, ar son ṁéid na héadála ṫugadar léo amaċ as críċ na Ḃṗilistineaċ, agus as tír Iudah.