Oir ní ḃí cuiṁne ar biṫ ar an duine nglic ni sa ṁó na ar a namadán go síorruiḋe; ó ḃíos an ní atá anois ann ar na ḋearmad annsna láeṫiḃ atá ag teaċt. Agus cionnus éugus an glic? mar a namadán.
Oír an ní ṫeagṁas do ṁacaiḃ na ndaoine teagṁaiḋ do na hainṁiġṫiḃ; aoinní aṁáin ṫeagṁas dóiḃ: óir mar ṫéid cuid aca déag, is marsin éagas an ċuid oile; fós, is áonanál aṁáin atá aca; marsin naċ ḃfuil uáisle ag an nduine ṫar a nainṁiḋe: óir is díoṁaóineas iad ré ċéile.
Is ionann ṫig gaċ uile ní do nuile ḋuine: is ionann críoċ do nfiréun, agus don ċiontaċ; don ṁaiṫ agus don ġlan, agus don neaṁġlan; don tí íoḋbras, agus don tí naċ íoḋbrann: mar ḃíos an duine maiṫ, marsin ḃíos an peacaċ; agus an té ṁionnuiġios, mar an té eagluiġios mionna.
Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.
Oír atá a ḟiós aig na héoḋuiḃ go néagfuid síad: aċt ni ḃí fios neiṫe ar biṫ ag na mairḃ, ní mó atá luáiġeaċt ar biṫ aca ní sa ṁó; óir ḋearmadaḋ a ccuiṁne.
Muna néistiġe, agus muna ccurṫaói ann ḃur ccroiḋe é, do ṫaḃairt glóire dom ainmse, a deir TIĠEARNA na slóġ, cuirfe misi go deiṁin malluġaḋ oruiḃ, agus mailleoċa mé ḃur mbeannuġaḋ: fós, do ṁallniġ mé ċeana íad, do ḃríġ naċ ccurṫaoi ann ḃur ccroiḋe é.
Agus a duḃairt sé ríu, Suiġiḋ ḃur ccroiḋṫe ar na huile ḃríaṫraiḃ do nímsi dfiaḋnuġaḋ ḃur measc a niuġ, noċ aiṫeontaói da ḃur ccloinn do ċoiṁéad do ḋéanaṁ, bríaṫar an dliġesi uile.