Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ecclesiastes 12:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 An fad naċ bía an ġrían, nó an solus, nó an ġealaċ, nó na réulta, dorċaiḋṫe, nó naċ ḃfillid na néulla tar éis fearṫanna:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ecclesiastes 12:2
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a núair do ḃí Isaac foirfe, agus do raḃadur a ṡuile dorċa, ionnus naċ ḃfaiceaḋ sé, do ġoir se Esau a ṁac buḋ ṡine, agus a duḃairt ris, A ṁic: agus a duḃairt seision ris, Féuċ, atáim annso.


(Annois do ḃádur súile Israel trom ó aóis, ionnus naċ ráiḃ raḋarc aige). Agus tug sé a ngar ḋó íad agus do ṗóg sé íad; agus do ṫeann ris íad.


Goiriḋ an duḃaigéan ċum an duḃaigéin re guṫ do ḋuisioll uisgeaḋ: do ċúadar do ṫonna agus do ṫuile úile ṫoram.


Ṫusa noċ do ṫaisbéin daṁ buáiḋearṫa iomḋa neiṁneaċa, béoḋoċair mé a rís, agus do ḃéarair súas mé ó ḋoiṁne na talṁan.


Do ċonncadar na huisgeaḋa ṫú, a Ḋé, do ċoncadar na huisgeaḋa ṫú; do ḃí eagla orra: do ḃádar na haigéin buáiḋearṫa.


Láeṫe ar mbliaḋna is deiċ mbliaḋna agus trí fiṫċid íad; agus má ḃid tre neart ceiṫre fiṫċid, is sáoṫar agus dioṁaoineas a neart; oir géarrṫar amaċ é go deiṫniosaċ, agus teiṫmíd roṁuinn.


Oír ní ṫiuḃraid réulta niṁe agus a ccoṁṡoillsi a solus úaṫa: dorċuiġṫear an ġrían iona ḋul amaċ, agus ní ṫiuḃra an ġealaċ ar a solus déalruġaḋ.


Agus annsa lósin conġairfid na aġaiḋ aṁuil confaḋ na fairge: agus má ḟéuċann aon ar an ttír, féuċ dorċadas agus dóbron, agus dorċuiġṫear an solus sin annsna neaṁuiḃ.


Dorċoċṫar an ġrían agus an ġealaċ, agus coinneoċuid na réulta air ais a ndéallraḋ.


Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.


Agus tarla fa nám sin, a nuáir do ḃí Eli na luiġe síos ann a áit féin, agus ar ṫosuiġeadar a ṡúile air ḃeiṫ dall, naċ ar léir ḋó;


Anois do ḃí Eli oċd mbliáḋna ar nóċad dáois; agus do ḃádar a ṡúile fa ċeó, go naċ ḃfaiceaḋ sé éinni.


Agus tárla, a núair do laḃair sé ar airc De, gur ṫuit Eli as a stól a ndíaiġ a ċúil le táoiḃ an ġeata, agus do ḃris a ṁuinéul, agus fuáir sé bás; óir do ḃí sé na ṡeanduine, agus é trom. Agus do rinne sé breiṫeaṁnus ar Israel ceaṫraċad bliaḋan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ