Ecclesiastes 11:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
8 Aċt má ṁairionn duine iomad blíaḋan, agus gáirdiuġaḋ ionnta uile; ṫairis sin cuiṁniġeaḋ sé láeṫe an dorċadais; óir buḋ iomadaṁuil íad. Is dioṁaóineas a nuile ní dá ttig.
Marsin luiġios an duine síos, agus ní éirġionn, nó go raḃuid na neaṁa gan a ḃeiṫ ann ní sa ṁó, ní ṁúisceoluid síad, agus ní ḋúiseoċar as a ccodlaḋ íad.
Annsin a duḃairt mé ann mo ċroiḋe, Mar ṫeagṁas don namadán, is mairsin féin ṫeagṁas daṁsa; agus uimesin cread as a raiḃ mé ní sa glioca? Annsin a duḃairt mé ann mo ċroiḋe, gur dioṁaoineas so mar an gcéadna,
Uimesin dfúaṫuiġ mé an beaṫa; do ḃríġ an tsáoṫair oibriġṫior faói an ngréin gur doiliġ ḋaṁsa é: óir is dioṁaoineas a nuile ní agus buáiḋreaḋ spioraide.
Agus cía ḋar fiós an mbía sé na ḋuine ċríonna ná na amadán? aċt ċeana biáiḋ úaċtaránaċt aige ós cionn mo ṡáoṫairsi uile ionar sáoṫruiġ mé, agus ionar ḟoillsiġ mé mé féin glic faói an nġréin. Is díoṁaóineas so mar an ccéadna
Oír do ḃeir Día don duine an ní is maiṫ iona raḋarc eagna, agus éolus, agus sólás: aċt don ṗeacaċ do ḃeir sé sáoṫar, do ċruinniuġaḋ agus do ċur ar muin a ċéile, ċor go ttiuḃraḋ don té is maiṫ a ḃfiaḋnuise Dé. Is díoṁaóineas so fós agus buáiḋreaḋ spioraide.
Ní ḃfuil críoċ air an bpobal uile, do nuile dá raiḃ rompa: an ṁéid fós ṫiucfas na ndiáiġ ní ḋéanaid gáirdeáċus annsan. Go deiṁin fós is díoṁaóinios so agus buáiḋreaḋ spioraide.
Atá áon aṁain ann, agus ní ḃfuil a leiṫéid eile; ni ḃfuil fós leanaḃ nó dearḃraṫair aige: giḋeaḋ ní ḃí críoċ air a ṡaoṫar eile; agus ní ṡástar a ṡúil ré saiḋḃrios; ní mo a deir sé, Cía ḋá ḃfuilim ag sáoṫruġaḋ, agus dá seaċnuim manam ar ṁaiṫ? Is díoṁaóineas so fós, agus, is droċṡáoṫar é.
¶ Dá mbeiṫ go ndéanaḋ peacaċ olc céud uáir, agus go ḃfaideoċuiḋ a láeṫe, giḋeaḋ go deiṁin atá fios agam go mbeiṫior go maíṫ ag an ndruing eagluiġios Día, noċ air a mbí eagla dá laṫair:
Annsin do ṁol mé an suḃaċas, do ḃríġ naċ ḃfuil ní is féarr ag an nduine faói an ġréin, na iṫe, agus ól, agus beiṫ suḃaċ: óir fanfuiḋ sin aige do ṡáoṫar láeṫe a ḃeaṫa, noċ do ḃeir Día ḋó faói ngréin.
Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe.
Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.
A duḃairt an rí ré na ġiollaiḋiḃ an tráṫsin, Ar gceangal a ċos agus a láṁ súd, tóguiḋ é, agus teilgiḋ ann sa dorċadus a muiċ é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.
Uime sin a duḃairt Iósa ríu, Atá an solus ḃur measg fós ar feaḋ tamuill ḃig. Siuḃlaiḋ an feaḋ ḃías an solus aguiḃ, deagla go mbéuraḋ an dorċadus, oruiḃ: Oír giḋ bé ṡioḃlus ann sa dorċadus, ní feas do gá háit a ngaḃann sé.