Annsin dféuċ mé air a nuile obair dá ndéarnadar mo láṁa, agus air an tsáoṫar do oibriġ mé do ḋéanaṁ: agus, féuċ, do ḃí sé uile na ḋíoṁaóineas agus na ḃuáiḋreaḋ spioraide, agus ní raiḃ tarḃa faói an ngréin ann.
Agus cía ḋar fiós an mbía sé na ḋuine ċríonna ná na amadán? aċt ċeana biáiḋ úaċtaránaċt aige ós cionn mo ṡáoṫairsi uile ionar sáoṫruiġ mé, agus ionar ḟoillsiġ mé mé féin glic faói an nġréin. Is díoṁaóineas so mar an ccéadna
Agus is géar an tolcsa mar an gcéadna: air an ṁoḋ céadna a ttáinic sé, go nimṫeoċa sé aṁluiġ: agus cred é an soċar atá ag an té do ṡáoṫruiġ ní don ġaóiṫ?
¶ Féuċ an ní sin do ċonnairc misi: is maiṫ agus is breáḋa do ḋuine iṫe agus ól, agus sólásuġaḋ a maíṫ a ṡáoṫair uile noċ ġlacas sé faói an ngréin air feaḋ uile laeṫe a ṡáoġail, noċ do ḃeir Día ḋó: óir isé sin a ċuid ronna.
Oír cía ḋar fios cred is maiṫ don duine san tsáoġalso, a láeṫiḃ a ḃeaṫa díoṁaóine uile noċ ċaiṫios aṁuil sgáile? óir cía ḟéadas a innisin do ḋuine cred ḃías na ḋíaiġ faói an ngréin?
Is olc so a measg na huile neiṫe dá ndéantar faói an ngréin, go ḃfuil aóinċinneaṁuin aca uile: atá fós, croiḋe ċloinne na ndaóine lán dolc, agus do ḃuile iona ccroiḋe an fad ṁairfid síad, agus na ḋiáiġsin tíaġaid ċum na marḃ.
Cred fá ccaiṫiġe airgiod ar ní naċ arán? agus ḃur sáoṫar re ní naċ sásuiġeann? eístiġ go dúṫraċtaċ riomsa, agus iṫiḋ an ní is maiṫ, agus bíoḋ dúil ag ḃur manam a méuṫus.
¶ Cred ṫarḃuiġios a níoṁáiġ ġreanta ar ġrean fear a hullṁuiġṫe í; a níoṁáiġ leaġṫa, agus teagasgóir bréug, as a ndóṫċusuiġionn fear déanta a oibre féin ann, do ḋéanaṁ ioḋal mbalḃ?
Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.
Déunaiḋ sáoṫar ní ar son an ḃíḋ ṫéid amuġa, aċd ar son an ḃíġ ṁaireas ċum na beaṫa síorruiḋe, ḃéuras Mac an duine ḋíḃ: óir as é so an té do ċoṁarṫaiġ Día an Taṫair.