Agus éistsi re gearán do ṡearḃḟoġantuiġ, agus do ṗobuil Israel, a núair do ḋéanuid guiḋe ann sa naítse: agus cluinse ann hionad coṁnuiġ féin air neaṁ: agus a núair ċluínfios tú, taḃair maiṫeaṁnus dóiḃ.
Tréigeaḋ an droċduine a ṡliġe, agus an duine neiṁḟíréanta a smuaintiġṫe: agus filleaḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus do ḋéana sé trócaire air; agus ċum ar Ndénne, óir maiṫfiḋ sé go líonṁar.
¶ Cuiṁneoċa mé cinéul gráḋaċ an TIĠEARNA, agus molta an TIĠEARNA, do réir na nuile neiṫe dar ṫioḋluic an TIĠEARNA ḋúinn, agus a ṁaiṫeasa móire a ttaoḃ ṫiġe Israel, noċ do ḃronn sé ḋoiḃsion do réir a ġrás, agus do réir iomuid a ċinéul ngráḋaċ.
¶ Aċt do ċaṫuiġ tiġ Israel am aġaiḋsi annsa ḃfásaċ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċtuiḃ, agus do ṫarcuisniġeadar mo ḃreiṫeaṁnusa, noċ dá ndéarnaiḋ duine, mairfiḋ sé ionta; agus do ṫruáilliġeadar mo ṡabbóide go mór: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra annsa ḃfásaċ, da scrios.
Ní mó déisdeamar le do seirḃíseaċ aiḃ na fáiḋe, noċ do laḃair ann hainmsi lé ar ríġṫiḃ, re ar bprionnsaḋuiḃ, agus re ar naiṫriḃ, agus ré huile ṗobal na tíre.
O a Ṫiġearna, fíreuntaċd ḋliġios tusa, aċt sinne náire aiġṫeaċ, aṁuil atá a níuġ; do ṁuinntir Iúdah, agus do áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus do Israel uile, atá a ḃfogus, agus a nimċéin, air feaḋ na nuile ṫíorṫann ionar ḋíoṫċuir tusa íad, do ḃríġ a bpeacuiḋ noċ do ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi.
Agus do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, naċ ar ḃé so mo ráḋsa, an tan do ḃaḋas fos ann mo ṫír? Uimesin do ṫeiṫ mé roiṁe go Tarsis: óir do ḃi a ḟios agam gur Día grásaṁuil ṫusa, agus trocaireaċ, mall ċum feirge, agus mórċinéulta, agus go mbí aiṫreaċus uilc ort.