Ṫairis sin má ċuiṁuiġid orra féin annsa tírsin iona mbéarṫar a láiṁ íad, agus go niompóċuid siad agus go nguiḋfid ċugadsa a ccríċ a ndaóirsine, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamar, do rínneamar earráid, agus is olc do ċúamar;
Bioḋ do ċlúas a nois fuireaċuir, agus do ṡúile foscuilte, lé ccluinfe tú urnaiġ do ṡerḃísiġ, noċ do ním a nois ad ḟiaġnuisi, do ló agus doiḋċe, ar son ċloinne Israel do ṡerḃísiġ, agus ag adṁáil peacaiḋ ċloinne Israel, noċ do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋ: misi ar aon agus tiġ maṫar do ṗeacuiġeamar.
¶ Oír ní ċúaladar daóine ó ṫosaċ an doṁuin, níor ṁoṫuiġeadar leis an ccluáis, ní mó do ċonnairc an tsúil, a Ḋía, taoḃ amuiġ ḋiotsa, an ní dullṁaiġ sé don tí ḟeiṫios air.
Dó ḃríġ uile olc ċloinne Israel agus ċloinne Iúdah, do rinneadar dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge, íad féin, a ríġṫe, a bprionnsuiḋe, a sagairt, agus a ḃfáiġe, agus fir Iúdah, agus áitreaḃṫaċa Ierusalem.
¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus.
Iondus go ccuiṁneoċa tú, agus go mbía náire ort, agus naċ ḃfoisceola tú do ḃéul go braṫ ní as mó do ḃríġ do náire, an tan ḃías mé síoṫċánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tiġearna DIA.
Agus dáṫruiġ sí mo ḃreiṫeaṁnus a núrċóid ní sa ṁó náid na cineaḋaċa, agus mo reaċta ní sa ṁó náid na tíorṫa atá na timċioll: óír do ḋíultadar mo ḃreiṫeaṁnuis agus mo reaċda, níor ṡiuḃluiġeadar ionnta.