Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 9:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus tar éis dá ṡeaċdṁuin agus trí fiṫċid géarfuiġear amaċ Messiah, aċt ní ar a ṡon féin: agus scriosfuiḋ pobal an ṗrionnsa ṫiucfas an ċaṫair agus an tsanctóir; agus biáiḋ a ccríoċ sin lé tuile, agus go deireaḋ an ċogaiḋ do cinneaḋ a náonranaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 9:26
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟreagradarsan an ríġ, An duine darguinn sinn, agus do tionnscuin ar naġaiḋ dar léir‐sgrios go naċ bíaḋ duine ḋínn a ccríċ ar biṫ Disrael,


Atá mo neart ar na ṫiormuġaḋ aṁuil criáiḋ loisge; agus do ċeangail mo ṫeanga dom ġíalluiḃ; agus ṫugais mé go luáiṫreaḋ an ḃáis.


Féuċ, atá áon cúṁaċdaċ láidir ag an Ttiġearna, noċ atá aṁuil cloiċṡneaċda agus aṁuil stoirm ḋioġḃálaċ, aṁuil tuile uisgeaḋ neartṁar ag dul tar ḃrúaċ, caiṫfiḋ sé síos ċum na talṁan leis an láiṁ íad.


Anois ar a naḋḃarsin na bíṫíse ḃur luċd magaiḋ, deagla go ndéantaoi ḃur ccuiḃriġṫe láidir: óir do ċúala mé ón Dtiġearna DIA na slóġ aiḋṁilleaḋ, ar na ṫionnscnaḋ ar an ttalaṁ go hiomlán.


Rugaḋ as príosún agus ó ḃreiṫeaṁnus é: agus cía ḟoillseoċus a ġinealaċ? óir do gearraḋ amaċ é as tír na mbéo, ar son ċionta mo ṗobailsi do ḃuáileaḋ é.


Anois uimesin, féuċ, do ḃeir an TIĠEARNA súas orra uisgeaḋa na haḃanna, láidir agus iomadaṁuil, eaḋon ríġ na Hassíria, agus a ġlóir uile: agus tiucfa a níos tar a ngrinnealuiḃ uile, tuileoċa sé tar na brúaċaiḃ:


Cía hé so ṫig súas aṁuil tuile, agá ḃfuilid a uisgeaḋa ag corruġaḋ mar na sroṫa?


Ṫáinic a nfairge a níos ar Ḃabilón: do foluiġeaḋ í lé biomad a tonna.


Agus coirreoċṫar a ṁic súas, agus cruinneoċuid iomad slóiġ do armiḃ móra: agus tiucfa aon go deiṁin, agus tuilleoċuiḋ ṫairis, agus raċuiḋ ṫríd: annsin fillfiḋ sé, agus corroċṫar súas é, dá ḋaingionn.


Suiḋeoċa sé a aġaiḋ fós do ḋul a steaċ maille re neart a rioġaċda uile, agus iomad do ḋaóiniḃ fíréunta maille ris; do ḋéana sé so: agus do ḃéara ḋó inġean na mban, da truáilleaḋ: aċt ní ṡeasfa sí, agus ní mó ḃías sí dá ṫáoiḃsin.


Agus lé láṁuiḃ tuile báiṫfiġear íad ó ḃeiṫ roiṁe, agus biáid briste; fós, mar an ccéadna prionnsa an ċunnarṫa.


Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.


Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.


Annsin a duḃairt Día, Goir Loammi dainm ḋe: Oir ní siḃ mo ṗobalsa, agus ní buḋ mé ḃur Ndía.


Naċ ccrioṫnoċuiḋ an talaṁ uimeso, agus naċ ccaóiḋfiḋ gaċ duine dá ccoṁnuiġionn ann? agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus teilgfiġear amaċ agus báiḋfiġear é, aṁuil le tuile na Hégipte.


Agus isé an Tiġearna DIA na slóġ ḃeanfas ris an ḃfearann, agus leaġfuiḋ sé e, agus caóiḋfiḋ a nuile ḋuine áitreaḃus ann: agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus biáiḋ báiḋte, mar ṫuile na Hégipte.


Aċt cuirfiḋ sé deireaḋ iomlan ré na áit le tuile raḃarṫa, agus leanfuiḋ dorċadus a naiṁde.


Is cosṁuil an flaiṫeas neaṁḋa ré ríġe aíriġṫe, do rinne banais ṗósda dá ṁac féin,


Agus an tan do ċúalaiḋ an rí so, do ġaḃ fearg e: agus ar gcur a ṡlúaġṫe úaḋ, do sgrios sé an luċd dúnṁarḃṫa úd, agus do loisg sé a gcaṫair.


Féuċ, fágfuiṫear ḃur dtiġ agaiḃ na ḟásaċ.


Agus a duḃairt Iósa riu, An bfaicṫí íad so uile? go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Naċ bfúigfiḋṫear cloċ ar muin ċloiċe ann so, naċ sgáoilfiḋṫear.


Agus ar ḃfreagra Diosa a duḃairt sé ris, An ḃfaiceann tú na hoibreaċa móraso? ní fúicfiḋear cloċ ar muin ċloiċe ḋíoḃso, naċ sgarfuiḋear ó ċeile.


Aċd an tan do ċluinfiḋe coguiḋ agus túarasgḃála cogṫaḋ, ná bíoḋ trioblóid aruiḃ: óir is éigin íad so do ṫeaċd: aċd ní deireaḋ é fós.


Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Tig Elías go deiṁin ar tús, agus aiséoċaiḋ sé gaċ uile ní; agus mar a tá sgríoḃṫa a dtimċeall Ṁic an duine, Go gcaiṫfeaḋ sé mórán dfulang, agus ḃeiṫ fá neiṁċion.


Agus tuitfid lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus béarṫar a mbraiġdeanas íad ċum na nuile ċiniḋeaċ: agus ḃíaḋ Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineaḋaċaiḃ, nó go gcoiṁlíontar aimsearaċa na Geiniḋeaċ.


Iádson do ċíṫise, tiocfuid láeṫe ann, náċ ḃfuigfiġṫear cloċ air ċloiċ ḋíoḃ, naċ sgáoilfiġṫear ó ċéile,


A né nar ḃéigin do Ċríosd na neiṫesi dfulang, agus dul a sdeaċ ann a ġlóir féin?


Agus a duḃairt sé ríu, Gur mar so do ḃi sé sgríoḃṫa, agus gur mar so dob éigin do Ċríosd fulang, agus éiseirġe ó ṁarḃuiḃ an treas lá:


O so amaċ ní laiḃéora mé mórán riḃ: oir atá úaċdarán an tsáoġuilsi ag teaċd, agus ní ḃfuil ní ar biṫ aige ionnamsa.


Oír do rinne seisean air ar soinne, peacaḋ don tí ag náċ raiḃ fios peacaiġ; ionnus go ndéuntaói fíréuntaċd Dé ḋínne annsan.


Aċd dfúasguil Críosd sinne ó ṁallaċd air ar son: óir atá sgríoḃṫa, As malluiġe gaċ áon ċroċdar a gcrann:


Oír is ċuige so fós do goireaḋ siḃ: óir do ḟúluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fáḃáil sómpla aguinn, ionnus go leanfaḋ siḃ a lorg:


An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.


Oír do ḟulaing Críosd fós éunuáir aṁáin ar son na bpeacaḋ, an firéun ar son na neiṁḟiréun, ionnus go dtiuḃraḋ sinne ċum Dé, do ḃásuiġeaḋ é a dtáoḃ na colla, aċd do béoḋaiġeaḋ é ris an Spioruid:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ