Agus a dúḃairt sé riom, A Ḋániel, a ḋuine air a ḃfuil gráḋ mór, tuig na bríaṫra a déara misi riot, agus seas súas go direaċ: óir is ċugad do cuireaḋ mé anois. Agus an tan do laḃair sé riom, do ṡeas mé ar crioṫ.
Annsin a duḃairt sé riom, Ná heagluiḋ, a Ḋániel: óir ón ċéad lá fár ṡuiġiḋ tú do ċroiḋe ar ṫuicsi, agus ar úṁluiġis ṫú féin a ḃfíaġnuisi do Ḋé, do ċlos do ḃríaṫra, agus ṫáinic misi ar son do ḃríaṫar.
Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.
Marsin a duḃairt an taingiol do ċoṁraiḋ riomsa, Eiġsi, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Atáimsi éadṁar fa Ierusalem agus ar son Ṡion maille re héud mór.
Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so.