Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 9:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Fós, an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt a núrnaiġ, an fear céadna Gábriel, noċ do ċonnairc mé annsa ḃfis ar tús, air ar tugaḋ eitiol do ḋéanaṁ go deiṫniosaċ, do ḃean sé riom a dtimċioll aimsire íoḋbarṫa an tráṫnóna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 9:21
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a nuair do ċuáiḋ an meaḋon laoi ṫársa, agus go raḃadar ag faiġedóireaċd go ham ofrála íoḋbarṫa an tráṫnóna, naċ raiḃ, guṫ, nó aón do ḟreagoraḋ, nó ḃéaraḋ toraḋ orra.


Agus tárla a nam ofrála ioḋbarṫa an tráṫnóna, go ttáinic Elias an faíḋ a ḃfogus, agus go nduḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, fionntar a niuġ gur tusa as Día a Nisrael, agus gur misi do ṡearḃḟóġantuiġ, agus go ndéarna mé na neiṫese uile ar do ráḋasa.


Beannuiġesi an TIĠEARNA, a aingle féin, noċ atá árraċdaċ a neart, ag coṁall a aiṫeanta, ag taḃair aire do ġuṫ a ḃreiṫre.


Ag déanaṁ spiorad dá aingliḃ; teine lasaṁuil da ṁinistriḃ:


Bíoḋ murnaiġ ar na díriuġaḋ ós coinne haiġṫe mar ṫúis; tógḃáil súas mo laṁ mar íoḋbairt an tráṫnóna.


Aón luaġán díoḃ do ḋéana tú ofráil ar maidin; agus an luaġan eile ofráilfe tú um nóin.


Os a ċionn ṡúas do ṡeasadar na seraṗiniġ: do ḃí sé scíaṫáin ar gaċ aon díoḃ; le cúpla dfoluiġ sé a aġaiḋ, agus lé cúpla dfoluiġ sé a ċosa, agus lé cúpla do eitil sé.


Is marso do ḃádar a naiġṫe; agus do ḃádar a sciaṫáin sínnte súas; ḋá sciaṫán gaċ aóin ceangailte ḋá ċéile, agus ḋá sciaṫán ag folaċ a ccorp.


Agus do riṫiodar na beaṫuiġe, agus dfilleadar aṁuil taisbéanta lasraċ tinntiġe.


Da mbeiṫ go mbeidís an tríur fearso ann, Noah, Daniel, agus Iób, ní ṡáorfaidís aċd a nanmanna féin lé na ḃfíréantaċt, a deir an Tiġearna DIA.


¶ Agus, féuċ, do ḃean láṁ riom, noċ do ċuir air mo ġlúiniḃ mé agus air ċláruiḃ mo ḋearnann.


Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.


Annsin ṫáinic a rís agus do ḃean riom áon cosṁuil ré taisbeanaḋ duine, agus do neartuiġ sé mé,


Agus do ċúala mé gúṫ dúine eidir ḃrúaċaiḃ Ulai, noċ do ġoir, agus a duḃairt, A Ġabriel, taḃair ar an ḃfearso an nfis do ṫuigsin.


Anois mar do ḃí sé ag laḃairt riom, do ḃí mé a ccodlaḋ ṫrom ar maġaiḋ leaṫ ris an ttalaṁ: aċt do ḃean seision riom, agus do ċuir sé súas go díreaċ mé.


Agus timċeall an náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ ard, ag ráḋ, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re ráḋ, Mo Ḋía, mo Ḋiá, créd far ṫréig tú mé?


Agus ar ḃfreagra don aingeal a duḃairt sé ris, Is misi Gabríel, ṡeasas a ḃfíaḋnuisi Dé; agus do cuireaḋ mé do laḃairt riotsa, agus dinnsin na núaiḋeaċd maiṫ so ḋuit.


Agus an sa seisioḋ mí, do cuireaḋ an taingeall Gabríel ó Ḋía go caṫruiġ don Ġalilé, dár bainm Násaret,


Do ċonnairc sé go soilléir a dtáiḃse a dtimċeall a náoṁaḋ húair don ló aingeal Dé ag teaċd a steaċ ċuige, agus ag ráḋ ris, A Ċornéliuis.


Agus ar ná ṁaraċ, ag síuḃal dóiḃsean, agus ag drud ris an gcaṫraiġ, do ċuáiḋ Peadar súas ar an dtiġ do ḋéanaṁ úrnaiġe dtimċeall an seaséaḋ húair.


Agus féuċ, do ṡeas aingeal an Tiġearna a laṫair, agus do ḋealruiḋ solus sa tíġ: agus ar mbúalaḋ Ṗeadar ann a ṫáoḃ, do ṫog sé súas é, ag ráḋ, Eiríḋ go lúaṫ. Agus do ṫuiteadar na slaḃraiḋe ḋá láṁaiḃ.


Agus do ċúaiḋ Peadar agus Eóin a néaineaċd súas don teampoll a nam urrnuiġe, a dtimċeall a náoiṁaḋ huáir.


A né naċ sbiorada freasduil íad uile, ċurṫar a maċ ċum miniosdrálaċda ar son na druinge ġeuḃus oiġreaċd an tslánaiġṫe?


Agus a deir sé a dtáoḃ na naingeal, Do ní sé a ṫeaċdaireaḋa do na sbioraduiḃ, agus a ṁinisdreaḋa don teine lasarrġa.


Agus as áṁluiḋ so do ċonnairc mé na heíċ a dtaíḃse, agus an luċd do ḃí ar a muin, umá raḃadar lúireaċa tinntiġe, agus ar ḋaṫ na híacinṫ, agus na ruiḃe: agus bá cosṁuil cinn na neaċ ré ceannuiḃ leoṁan; agus táinic teine agus deataċ agus ruiḃ as a mbéuluiḃ amaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ