Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 9:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Ann sa ċéidḃlíaḋuin dá rioġaċt ṫuig misi Dániel lé leaḃruiḃ uiḃir na mblíaḋan, do ṫáoḃ a ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah an fáiḋ, iondus go ccoiṁlíonaḋ sé seaċtṁoġad blíaḋan a ḃfásuġaḋ Ierusalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 9:2
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċoiṁlíonaḋ bréiṫre an TIĠEARNA a mbéul Ieremiah, nó go ccoṁnuiġeaḋ an tír anna sábboidiġ: óir ar fad do ḃí sí uaigneaċ do ċoiṁéid sí sábóid, do ċoiṁlíonaḋ deiċ mblíaḋan agus trí fiṫċid,


Anois annsa ċédḃlíaḋain do Ċírus ríġ na Persia, (ċor go ccoiṁlíontaoi bríaṫar an TIĠEARNA le béul Ieremiah), do ċorruiġ an TIĠEARNA súas spiorad Ċírus ríġ na Persia, go ttug fúagra ar feaḋ a rioġaċta, agus gur ċuir fós a scríḃinn é, ġa ráḋ,


Fós is íad ṫfíaḋnuiseaḋ máoiḃneas, daóine mo ċoṁairle.


Atáid caíṫreaċa do náoṁṫaċda uile na ḃfásaċ, atá Sion na fásaċ, Ierusalem air na léirsgrios.


Briaṫra Ieremiah ṁic Hilciah, do na sagartuiḃ do ḃí ann Anatot a ttír Ḃeniamin:


Mar atá Ierusalem, agus caiṫreaċa Iúdah, agus a ríġṫesin, agus a prionnsuiḋe, do ḋéanaṁ fásaiġ ḋíoḃ, agus úaṫḃáis, agus magaiḋ, agus malluiġṫe; mar atá a niuġ;


Do ṫairrġir Micah an Morasíteaċ a laéṫiḃ Heseciah ríġ Iúdah, agus do laḃair sé ré muinntir Iúdah uile, ġa ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Treaḃṫaċar Sion aṁuil maċaire, agus do ḋéantar caírn do Ierusalem, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ arda na foraoise.


Annsin do ḋéana misi an tiġse cosṁuil ré Síloh, agus do ḋéana mé an ċaṫairsi na malluġaḋ do uile ċineaḋaċuiḃ na talṁan.


Agus foiġeonuid na huile ċineaḋaċa ḋó, agus da ṁac, agus do ṁac a ṁaciḃ, nó go ttí am cinnte a ṫíre: agus annsin do ḃéaraid mórán cineaḋaċ agus ríġṫe móra airsion foġnaṁ ḋóiḃ.


¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Tar éis ṡeaċdṁoġad blíaḋan do ċoiṁlíonaḋ san Mbaibilóin tiucfa mé ar cuáirt ċugaiḃ, agus coiṁlíonfa mé mḟocal maiṫ ḋíḃ, ag taḃairt oruiḃ filleaḋ don náitse.


Ann sin do ḃéara mé fa deara sgur ó ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus ó ṡráidiḃ Ierusalem, gúṫ an tsúḃaċus, agus gúṫ na lúaṫġaire, gúṫ a nfir núaḋṗosda, agus gúṫ na mná núaḋṗósta: óir biáiḋ an dúṫaiġ na fásaċ.


Ciondus ṡuiġios an ċaṫair go huáigneaċ, do ḃí lán do ḋaóiniḃ! ciondus atá sí cosṁuil re baintreaḃuiġ! ise noċ do ḃí mór a measc na ccineaḋaċ, agus na bainṗrionnsa a measc na bproḃinuseaḋ, ciondus ṫainic sí fa ḋuiḃċíos!


Ní géaḃa cos duine ar biṫ ṫríd, ní mó raċus cos ḃeaṫuiḋ ṫríd, ní mó ḃías áitreaḃṫa go ceann ċeaṫraċad blíaḋan.


¶ Agus do ċuir mé maġaiḋ air an Tiġearna DIA, dá íarruiḋ le hurnuiġ agus lé gearánuiḃ, maille re trosgaḋ, agus le saicéadaċ, agus lé luáiṫreaḋ.


Uimesin treaḃoċṫar Sion ar ḃur sonsa aṁuil maċaire, agus biáiḋ Ierusalem na cárnuiḃ, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ árda na foraóise.


¶ Annsin do ḟreagair aingeal an TIĠEARNA agus a duḃairt, A ṪIĠEARNA na slóġ, ga fad naċ déana tú grása air Ierusalem agus air ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, a naġaiḋ a raiḃ ṫfearg na deiċ mblíaḋna agus trí fiṫċidsi?


Laḃair ré huile ṗobal na tíre, agus ris na sagartaiḃ, ag ráḋ, A nuáir do ṫroisgeaḃair agus do ċaóiḋeaḃair annsa ċúigeaḋ agus annsa seaċdṁaḋ mí, eaḋon air feaḋ na seaċtṁoġad blíaḋansin, a ndéarnaḃair éantroscaḋ ar bioṫ ḋuṁsa, eaḋon ar mo ṡonsa?


Ar a naḋḃarsin an tráṫ do ċífiḋe aḋḟúaṫṁuireaċd an léirsgrios, air ar laḃair Dániel fáiḋ, na seasaṁ ann sa nionad ċoisreagṫ: (tuigeaḋ, an té léaġas:)


Aċd an tan do ċífiḋe aḋḟuaṫṁuireaċd an léirsgris, air ar laḃair Daniel an fáiḋ, na ṡeasaṁ ann sa nionad nár ċóir, (tuigeaḋ an té léaġas,) ann sin teiṫeaḋ a mbíaiḋ a ttír Iúdaiġe fá na sléiḃtiḃ.


Agus ag freagra air Ṗilib, a duḃairt an cailltéanaċ, Iarruim daṫċuinge ort, Cía ré a nabair an fáiḋ so? an leis féin, nó lé neaċ eigin eile?


Go teaċd daṁsa taḃair, haire do léiġṫóireaċd, do ṫeagusg, agus dfoirċeadal.


As beannuiġe an tí léiġeas, agus an dream éisdeas bríaṫra na fáiḋeadóireaċd so, agus ċoiṁéudus na neiṫe atá sgríoḃṫa innte: óir atá a naimsir a láṫair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ