Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 9:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 O mo Ḋía, cláon do ċlúas, agus cluin; oscuil do ṡúile, agus féuċ ar náonránaċt, agus an ċaṫair noċ goirṫear as hainm: óir ní ċuirmidne ar nguiḋe dot laṫair ar son ar nionracuis, aċt ar son do ṁórṫrócaireaḋ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 9:18
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go ḃfoisceoltá do ṡúile leaṫ ris an ttiġso do ló agus doiḋċe, eaḋon leaṫ ris a náit noċ a duḃairt tú, Biáiḋ mainm ann sin: iondus go néistiġ tú ris an nguiḋe ḋéanas do ṡearḃḟoġantuiġ ann sa náitse.


A ṪIĠEARNA, crom a núas do ċlúas, agus cluin: foscuil, a ṪIĠEARNA, do ṡúile, agus féuċ: agus cluin bríaṫra Ṡennaċerib, noċ do ċuir sé daiṫiseaḋ an Dé ḃí.


Is ionṁuin liom an TIĠEARNA, do ḃríġ go ccluin sé mo ġuṫ ann maṫċuinġiḃ.


Cuiṁniġ do ṫrócaire ċinealta, ó a ṪIĠEARNA, agus do ṁuinntearḋas gráḋaċ; óir atáid ann a ríaṁ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is deiṁin go ḃfaca misi scíursa mo ṗobuil, noċ atá sa Négipt, agus do ċúala mé a néiġṁe, do bríġ a maiġistreaḋ tascuiḋ: óir atá fiós a ndoilġis agam.


Cláon do ċlúas, a ṪIĠEARNA, agus cluin; oscail do ṡúile, a ṪIĠEARNA, agus faic: agus éist uile ḃríaṫra Ṡennaċerib, noċ do ċuir úaḋ do scannluġaḋ an Dé ḃí.


Eaḋon gaċ uile ḋuine da ngoirṫear am ainmsi: óir do ċruṫaiġ mé é ar son mo ġlóire, do ċum mé é; fós, do rínne mé é.


An ccuirfiḋ tusa srían riot féin ar na neiṫiḃsi, a ṪIĠEARNA? an mbía tú ad ṫoċd, agus sinne do ġortuġaḋ go géur?


Aċt atámaóid uile aṁuil neaṁġlan, agus atáid ar nionnracus uile aṁuil ceirteaċa salċa; agus seargamaoid uile aṁuil duilléog; agus rugadar ar bpeacuiḋ leó sinn cosṁuil ris an ngaóiṫ.


¶ O a ṪIĠEARNA, mátá go ḃfíaġnuiġid ar nuilc ar naġaiḋ, déansa é ar son hanma féin: óir is iomadaṁuil ar míoċoinġiolla; do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋsi.


Cred as a mbeiṫeá mar ḋuine ar na ċriṫeagluġaḋ, mar ḋuine ċuṁaċtaċ naċ bféadann coḃruġaḋ? giḋeaḋ, a ṪIĠEARNA, atá tú ann ar lár, agus as hainm goirṫear sinn; na fág sinn.


Do fríṫ do ḃríaṫra, agus a dúaiġ misi íad; agus do ḃí do ḃríaṫra ḋaṁsa na ġáirdeaċus agus na lúaṫġáir dom ċroiḋe, óir do gaireaḋ hainmsi orum, a ṪIĠEARNA Día na slóġ.


Oír, féuċ, tosuiġimse ar olc do ṫaḃairt air an ccaṫruiġ noċ goirṫear ann mainm, agus an mbía siḃsi go hiomlán gan smaċduġaḋ? Ní ḃeiṫí gan smaċtuġaḋ: óir goirfiodsa air ċloiḋioṁ ċum uile áitreaḃṫaċ na talṁan, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Do bféidir go ccuirfidís a ngearán a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA, agus go ḃfillfeaḋ gaċ áon ḋíoḃ ó na ḋroiċṡliġe: óir is mór a nfearg agus an tainteas dfoillsiġ an TIĠEARNA a naġáiḋ an ṗobailsi.


Uimesin éist a nois, íarruim daṫċuinge ort, mo ṫiġearna an ríġ; glacṫar mo ġearán, íarruim ort, dot laṫair; go naċ ccuirfe tú dfíaċaiḃ orum filleaḋ go tiġ Ionatain an scríoḃuiḋe, deagla go ḃfuiġinn bás annsin.


Uimesin abair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ní ar ḃur sonsa do ním so, a ṫiġ Israel, aċt ar son manma náoṁṫa féin, noċ do ṫruáilleaḃairsi a measc na ngeinteaḋ, mar a ndeaċaḃair.


Ní ar ḃur sonsa do ním so, a deir an Tiġearna DIA, bioḋ a ḟios agaiḃ: bíṫí náireaċ agus claóiḋte ar son ḃur sliġṫeaċ féin, a ṫiġ Israel.


O a Ṫiġearna, fíreuntaċd ḋliġios tusa, aċt sinne náire aiġṫeaċ, aṁuil atá a níuġ; do ṁuinntir Iúdah, agus do áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus do Israel uile, atá a ḃfogus, agus a nimċéin, air feaḋ na nuile ṫíorṫann ionar ḋíoṫċuir tusa íad, do ḃríġ a bpeacuiḋ noċ do ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi.


Agus cuirfid siad mainm ar ċloinn Israel; agus beinneoċa me íad.


Ċum eagluise Dé atá a Gcorintus, ċum na druinge atá ar na náoṁaḋ a Niósa Criosd, náoiṁ do réir ġarma, maille ris na húile ḋáoiniḃ ġoireas ann gaċ éaináit air ainm ar Dtiġearna Iosa Críosd, noċ as Tiġearna ḋoiḃsean agus ḋúinne:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ