17 Annois ar a naḋḃarsin, O ar Ndía, éisd guiḋe do ṡeirḃísiġ, agus a ġearáin, agus taḃair air haġaiḋ déallruġaḋ air do ṡanctóir atá áonránaċ, ar son an Tiġearna.
Aċt ċeana féaċ air urnaiġ do ṡearḃḟoġantuiġ, agus air a ġearán, O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, déisteaċd ris an ngairm agus ris an nurnuiġ, noċ ġuiḋios do ṡearḃḟoġantuiġ ad ḟiaḋnuise a niuġ:
Bioḋ do ċlúas a nois fuireaċuir, agus do ṡúile foscuilte, lé ccluinfe tú urnaiġ do ṡerḃísiġ, noċ do ním a nois ad ḟiaġnuisi, do ló agus doiḋċe, ar son ċloinne Israel do ṡerḃísiġ, agus ag adṁáil peacaiḋ ċloinne Israel, noċ do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋ: misi ar aon agus tiġ maṫar do ṗeacuiġeamar.
O a Ṫiġearna, éisd; a Ṫiġearna, maiṫ; a Ṫiġearna, cluinn agus déan; ná mainniġ, ar do ṡon féin, O mo Ḋía: óir is as hainm goirṫear do ċaṫair agus do ṗobal.