15 Agus a nois, a Ṫiġearna ar Ndía, noċ ṫug do ṗobal amaċ as críċ na Hégipte le láiṁ láidir, agus fuáir clú ḋuit féin, aṁuil atá a niuġ; do ṗeacuiġeamairne, do rinneamar go holc.
Ṫairis sin má ċuiṁuiġid orra féin annsa tírsin iona mbéarṫar a láiṁ íad, agus go niompóċuid siad agus go nguiḋfid ċugadsa a ccríċ a ndaóirsine, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamar, do rínneamar earráid, agus is olc do ċúamar;
Bioḋ do ċlúas a nois fuireaċuir, agus do ṡúile foscuilte, lé ccluinfe tú urnaiġ do ṡerḃísiġ, noċ do ním a nois ad ḟiaġnuisi, do ló agus doiḋċe, ar son ċloinne Israel do ṡerḃísiġ, agus ag adṁáil peacaiḋ ċloinne Israel, noċ do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋ: misi ar aon agus tiġ maṫar do ṗeacuiġeamar.
Agus do ṫaisbéin tú coṁarṫaḋa agus ionganta air Ṗarao, agus air a ṁuinntir uile, agus ar ḋaóiniḃ a ṫíre uile: óir do ḃí a ḟíos agad go ndéarnadar go húaiḃreaċ na naġuiḋ. Fúair tú marsin amm ḋuit féin, mar atá a níuġ.
Agus biáiḋsin a nuair ḟíafroċas do ṁac ḋíot sa naimsir atá ag teaċd, ag ráḋ, Cread é so? Go naibéora tú leis, le neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA sinne amaċ as a Négipt, ó ṫiġ na daóirse:
Agus a duḃaírt Maóisi ris an bpobal, Cuiṁniġiḋ an lá so, a ttangaḃair amaċ as a Négipt, as tiġ na daóirse: óir is maille re neart láiṁe ṫug an TIĠEARNA amaċ siḃ as a náitse: ní hiostar arán laiḃín.
Agus biáiḋ mar coṁarṫa ḋuitsi ar do láiṁ, agus mar ċuiṁne eidir do ṡúiliḃ, ionnus go mbía dliġeaḋ an TIĠEARNA ad ḃéul: óir is lé láiṁ láidir ṫug an TIĠEARNA amaċ as Négipt ṫú.
Agus do ġuiḋ Maóisi an TIĠEARNA a Ḋía, agus do ráiḋ, A ṪIĠEARNA, créad fa lassan ṫfearg a náġuiḋ do ṗobail, noċ ṫug tú amaċ as críċ na Hégipte lé cuṁaċtuiḃ móra, agus le láiṁ láidír?
Ann sin a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, A nois dó ċifé tú cread do ḋéansa ré Ṗárao: óir is lé láiṁ láidir léig feas sé ḋóiḃ imṫeaċd, agus lé láiṁ láidir ḋíbeorus sé as a ḋúṫaiġ íad.
Uimesin abair ré cloinn Israel, Is misi an TIĠEARNA, agus do ḃéura mé amaċ siḃ ó nualaċ fár ċuireadar na Hégiptiġ siḃ, agus sáorfa mé siḃ óna ndaóirse, agus fuasgeólad siḃ lé láiṁ ṡínte amaċ, agus maille re breiṫeaṁnusuiḃ móra:
Fásfuiḋ an crann giuṁuis a náit an droiġin, agus a náit na dreise tiocfaiḋ an crann mirtail a níos: agus biáiḋ sé mar ainm don TIĠEARNA, mar ċoṁarṫa bioṫḃúan naċ gearrfuiġear amaċ.
¶ Oír ní ċúaladar daóine ó ṫosaċ an doṁuin, níor ṁoṫuiġeadar leis an ccluáis, ní mó do ċonnairc an tsúil, a Ḋía, taoḃ amuiġ ḋiotsa, an ní dullṁaiġ sé don tí ḟeiṫios air.
Agus dáṫruiġ sí mo ḃreiṫeaṁnus a núrċóid ní sa ṁó náid na cineaḋaċa, agus mo reaċta ní sa ṁó náid na tíorṫa atá na timċioll: óír do ḋíultadar mo ḃreiṫeaṁnuis agus mo reaċda, níor ṡiuḃluiġeadar ionnta.
Agus ar seasaṁ don ṗuíbliocán, a ḃfád úaḋ, nior ḃáill leis fiú a ṡúl do ṫoġáil suás ċum neiṁe, aċd do ḃuaileaḋ sé a uċd, ag ráḋ, A Ḋía déana trócaire oramsa an peaċṫaċt.
Agus cuiṁniġ go raiḃ tú féin ad ṡeirḃiseaċ a ccríċ na Hégipte, agus go ttug an TIĠEARNA do Ḋía amaċ as sin ṫú lé láiṁ láidir agus lé riġe ṡínte amaċ: uime sin do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot an tsábbóid do ċoiṁéud.