Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 9:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Uimesin do ḟorḟairiġ an TIĠEARNA ar a nolc, agus ṫug sé oruinne é: óir atá an TTIĠEARNA ar Ndía fíréanta ann uile oibreaċuiḃ do ní sé: óir níor uṁluiġeamairne dá ġúṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 9:14
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Dá ḃríġ sin duṁluiġeadar prionnsaḋa Israel agus an ríġ íad féin; agus a duḃradar, Atá an TIĠEARNA ceart.


O a ṪIĠEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niuġ: féuċ, a támaoid ad laṫair ann ar gciontuiḃ: óir ni ḟéadmaoid seasaṁ as do ċoinne dá ḃríġ so.


Aċt ċeana atá tusa ceart ann gaċ ní dá ttáinic oruinn; óir do rinne tú cóir, agus do rinneamairne go ciontaċ:


Fírinne agus breiṫeaṁnus a síad oibreaċa a láṁ; atáid a aiṫeanta uile coinġiollaċ.


Is grásaṁuil an TIĠEARNA, agus is fíréunta; agus atá ar Ndíane lan do ṫruáiġe.


Is fíréunta ṫú, a ṪIĠEARNA, agus atáid do ḃreiṫeaṁnuis díreaċ.


Sáor mé ó ḟuil, a Ḋé, Día mo ṡlánuiġṫe: agus foillseoċaiḋ mo ṫeanga ṫfíréantaċt ós áird.


Agus do ċuir Ṗárao, fios ar Ṁaóisi agus air Aáron, agus do ráiḋ riú, Do ṗeacuiḋ mé a nuairsi: atá an TIĠEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo ṁuinntir go holc.


Is ceart atá tú, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṫagruim riot: giḋeaḋ léig ḋaṁ laḃairt riot ar do ḃreiṫeaṁnusaiḃ: Créd fá mbeirionn sliġe na ndroċḋaóine biseaċ? cred fá ḃfuilid uile sona noċ do ní gráineaṁlaċt?


Agus tiucfa a ccríċ, aṁuil agus mar do ḃí mé ag faire ós a ccionn, do ṫárrang a níos, agus do ḃriseaḋ síos, agus do sgrios, agus do ṗíanaḋ; is marsin ċoiṁéadfas mé ós a ccionnsan, dfoirgneaṁ, agus do ṗlannduġaḋ, a deir an TIĠEARNA.


Atáid síad na haġaiḋ timċioll fa ccuáirt, aṁuil coiṁéuduiġe maġa; do ḃríġ go raiḃ sí easuṁal am aġaiḋsi, a deir an TIĠEARNA.


Féuċ, bía misi ag faire ós a ccionn ċum uilc, agus ní ar ṁaiṫ: agus muirfiġear a nuile ḋuine do Iúdah ḃías annsa Négipt leis an ccloiḋeaṁ agus leis an ngorta, nó go raiḃ deireaḋ aca.


A síad a naiṁde a húaċtaráin, rug a naiṁde biseaċ; óir do ċoiriġ an TIĠEARNA í do ḃríġ iomad a hégceirt: do ċúadar a clann a mbraiġdionas roiṁe a náṁaid.


Do ḃríġ nar ċuiṁniġ tusa laéṫe hóige, aċt gur ḟearguiḋ tú misi annsna neiṫiḃsi uile; feuċ, ar a naḋḃarsin cúiteoċa misi do ṡliġe air do ċeann, a deir an Tiġearna DIA: agus ní ḋéana tú an túallaċus so tar huile ġráineaṁlaċtaiḃ.


Agus a ccionn na láeṫeaḋsin misi Nebuċadnessar do ṫóig mé súas mo ṡúile ċum neiṁe, agus dfill mo ṫuigsi ċugam, agus do ḃeannuiḋ mé an té is ro Airde, agus do ṁol mé agus donóruiġios an té ṁairios go bráṫ, noċ ar tiġearnus síorruiġe a ṫiġearnus, agus agá ḃfuil a rioġaċd ó ġinealaċ go ginealaċ:


O a Ṫiġearna, fíreuntaċd ḋliġios tusa, aċt sinne náire aiġṫeaċ, aṁuil atá a níuġ; do ṁuinntir Iúdah, agus do áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus do Israel uile, atá a ḃfogus, agus a nimċéin, air feaḋ na nuile ṫíorṫann ionar ḋíoṫċuir tusa íad, do ḃríġ a bpeacuiḋ noċ do ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ