Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 9:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do ċoiṁlíon sé a ḃríaṫra, noċ do laḃair se ar naġaiḋ, agus a naġaiḋ ar mbreiṫeaṁan ṫug breiṫeaṁnus oruinn, lé taḃairt uilc ṁóir oruinn: óir ní déarnaḋ faói neaṁ go hiomlán aṁuil do rinneaḋ air Ierusalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 9:12
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Taḃair ar a naḋḃarsin dot ṡearḃḟoġantuiġ croiḋe tuigseaċ do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air do ṗobail, ċor go ttuigfe mé eidir an maiṫ agus an tolc: óir cía ḟeadas breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ air do ṗobalsa atá coṁmór so?


Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḃéara mé olc ar a náitsi, agus air a háitreaḃuiḃ, uile ḃríaṫra an leaḃair do léiġ ríġ Iudah:


Beiriḋ sé coṁairliġ leis ar na milleaḋ, agus do ní sé óinṁide do na breiṫeaṁnuiḃ.


Ríġṫe na talṁan, agus na huile ḋaoine; prionnsoiġe, agus uile ḃreiṫeaṁuin na talṁan:


Bíṫí glic anois uimesin, ó a riġṫe: glacuiḋ teagasg, a ḃreiṫeaṁuin na talṁan.


Is tríomsa riaġluid prionnsaḋa, agus na húaisle, agus breiṫeaṁuin na talṁan uile.


Unnesin do ṫruáilliġ mé prionnsaḋa na sanctóra, agus ṫug mé Iacob don ṁalluġaḋ, agus Israel do na scannlaċaiḃ.


Noċ ḋaingniġios focal a ṡearḃḟoġantuiġe, agus ċoiṁlionas coṁairle a ṫeaċtaireaḋ; a deir re Ierusalem, Aitreoċṫar ṫú; agus ré caiṫreaċaiḃ Iúdah, Cuirfiġear súas siḃ, agus tóigfe misi súas a náite sgriosta.


Mó ṫruáiġe! óir is mór an lásin, iondus naċ ḃfuil áon cosṁuil ris: sí uáir ċinte ḃuáiḋearṫa Iacob í? aċt tárṫoċṫar aiste é.


Agus ṫangadar ann, agus do ṡealḃuiġeadar é; aċd níor úṁluiġeadar dot ġúṫsa, ní mó do ṡiuḃluiġeadar ann do ḋliġeaḋ; ní ḋéarnadar aoinní do nuile ni dar aiṫin tú ḋíoḃ do ḋéanaṁ: uimesin ṫug tú fa deara an tolcsa uile do ṫeaċt orra:


¶ Eiriġ, agus laḃair re Ebedmeleċ an Tetíopeaċ, ġa ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé mfocal air an ccaṫruiġse ar olc, agus ní ar ṁaiṫ, agus béid annsa ló sin ad ḟíaġnuise si.


Do ḃríġ gur loisgeaḃair túis, agus do ḃriġ gur ṗeacuiġeaḃair a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus nar úṁluiġeaḃair do ġúṫ an TIĠEARNA, agus nár ṡiúḃluiġeaḃair iona ḋliġeaḋ, no iona reaċtuiḃ, nó ann a ḟíaġnúisiḃ; uimesin táinic an tolcso oruiḃ, mar atá a niuġ.


¶ An ní gan suim ḋiḃ é, an ṁéid agaiḃsi uile ġaḃus láiṁ riom? féuċuiḋ, agus faiciḋ an ḃfuil dobrón ar bioṫ mar mo ḋóḃrónsa, noċ do rinneaḋ orum, ler smaċtaiġ an TIĠEARNA mé a ló a ḟeirge buirbe.


Cred an ní ġéaḃus mé dfiaḋnuisi ar do ṡon? cred an ní ṡaiṁleaċus mé ríot, a inġean Ierusalem? cred ċoṁmórad ríot, ċor go ccoṁḟurtuiġinn ṫú, a ṁaiġdion inġean Sion? óir is mór mar a nfairge do ḃriseaḋ: cla ḟéadas do leiġios?


Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas.


Oír is mó péin éaigceart inġine mo ḋaóinesi na péin ṗeacaiḋ Ṡodom, noċ do díoṫlaiṫriuġaḋ a móment, agus nar ḟan láṁa ar biṫ uirre.


Do ċonncadar díoṁaóineas agus tairrġire ḃréagaċ, ag ráḋ, A deir an TIĠEARNA: agus ní hé an TIĠEARNA do ċuir uáḋ íad: agus ṫugadar air ḋaóiniḃ oile dóṫċusúġaḋ go ndaingneoċaidís an focal.


Agus do ḋéana mé ionnad an ní naċ déarna mé, agus naċ déana mé a leiṫéid ní sa ṁó, do ḃríġ huile ġráineaṁlaċtsa.


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Lá dorċaċta agus grúamaċda, lá néull agus dorċadais ṫiuġ, mar do leaṫnuiġ an ṁaidin air na sléiḃtiḃ: pobal mór láidir; naċ ḃfacus a leiṫéid, agus naċ biáiḋ ní sa ṁó na ḋiáiġ, eaḋon go blíaḋuin ṁóráin ginealaċ.


Siḃsi aṁáin daiṫin mé duile ṁuinntearuiḃ na talṁan: uimesin smaiċteoċa mé siḃ ar son ḃur nuile éigceart.


Aċt naċ ar ġlacadar mo ḃríaṫrasa agus mo reaċda, noċ daiṫin mé dom ṡearḃḟoġantuiḃ na faíġe, greim da ḃur naiṫriḃse? agus dfilleadar agus a duḃradar, Aṁuil mar do ḃreaṫnuiġ TIĠEARNA na slóġ do ḋéanaṁ rinne, do reír ar sliġṫe, agus do réir ar ngnióṁ, is mar sin do rinne sé rinn.


Do ċonnairc mé san noiḋċe, agus féuċ duine ag marcuiġeaċd air eaċ rúaḋ, agus do ṡeas sé a measc na ccrann miortail noċ do ḃí san ġleann; agus do ḃádar na ḋiáiġ eiċ dearga, ballaċa, agus bána.


Do rinneadar fós, a ccroiḋṫe mar ċloiċ adamant, deagla go ccluinfidís an dliġeaḋ, agus na bríaṫra do ċuir TIĠEARNA na sloġ iona spioraid leis na fáiġiḃ rioṁe: uimesin ṫáinic fearg ṁór ó ṪIĠEARNA na slóġ.


Oír bíaḋ aṁgar mór ann tráṫsin, aṁail naċ raiḃ ann ó ṫús an doṁain gus a nois, agus naċ mbiaiġ go bráṫ.


Oir a deirim riḃ go firinneaċ, No go ndeaċaiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort, ní raċaiḋ éan iota na áonṗunc don dliġeaḋ ṫort, nó go gcoiṁlíontar gaċ éin ní.


Oír biáiḋ annsna laéṫiḃsin aṁgar, aṁail naċ raiḃ a leiṫéid ann ó ṫús cruṫaiġe na neiṫeaḋ do ċruṫaiġ Día go soiṫe so, agus náċ bía go bráṫ.


Oír a síad so láeiṫe an dioġaltuis, ionnus go gcoiṁlionfuiḋṫe na huile neiṫe atá sgríoḃṫa.


Agus a deirim go raiḃ Iósa Críosd na ṁinistir an timċillġearrṫa ar son fírinne Dé, ċum geallaṁnaċ na naiṫreaċ do ḋainniuġaḋ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ