Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 9:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Do ṡáruiġ fós, Israel uile do ḋliġeaḋ, agus sin le filleaḋ air ais, ċor naċ éisdedís red ġúṫsa; uimesin do dóirteaḋ an málluġaḋ oruinn, agus an mionn atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise seirḃiseaċ Dé, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar na aġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 9:11
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃríġ nar uṁluiġeadar do ġlór a TTIĠEARNA Dé, áċd gur ṡáruiġeadar a ċunnraḋ, agus a nuile ní dár aiṫin Máoise searḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA ḋíoḃ, agus nar ḃáill leó a ccluinsion, nó a ndéanaṁ.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḃéara mé olc ar a náitsi, agus air a háitreaḃuiḃ, uile ḃríaṫra an leaḃair do léiġ ríġ Iudah:


Aiṫniġ an daṁ an té le ar leis é, agus an tassal mainséur a ṁaiġisdir: aċt ní aiṫniġionn Israel, ní smuainionn mo ṗobalsa.


Unnesin do ṫruáilliġ mé prionnsaḋa na sanctóra, agus ṫug mé Iacob don ṁalluġaḋ, agus Israel do na scannlaċaiḃ.


Ann sin a déara tú ríu, Do ḃríġ gur ṫréigeadar ḃur naiṫre mé, a deir an TIĠEARNA, agus gur ṡlúḃluiġeadar a ndiáiġ dée oile, agus gur aḋradar ḋóiḃ, agus gur onóruiġeadar íad, agus gur ṫréigeadar misi, agus nar ċoiṁéadadar mo ḋliġeaḋ;


Cred an fáṫ as a ttagarṫuiḋe riomsa? do ṗeacuigeaḃair uile am aġaiḋ, a deir an TIĠEARNA.


Do ḋearmadar háos graḋa uile ṫú; ní íarruid siad ṫú; óir do loit misi ṫú le lot do náṁad, lé smaċt éattrócairiġ, ar son iomaid héigceart; do ḃríġ gur ṁéaduiġeadar do ṗeacuiḋe.


Agus ṫangadar ann, agus do ṡealḃuiġeadar é; aċd níor úṁluiġeadar dot ġúṫsa, ní mó do ṡiuḃluiġeadar ann do ḋliġeaḋ; ní ḋéarnadar aoinní do nuile ni dar aiṫin tú ḋíoḃ do ḋéanaṁ: uimesin ṫug tú fa deara an tolcsa uile do ṫeaċt orra:


Anois ṫug an TIĠEARNA, agus do rinne sé do réir mar a dúḃairt sé: do ḃriġ gur ṗeacuiġeaḃair a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus nár uṁluiġeaḃair dá ġúṫ, uimesin ṫáinic an níse oruiḃ.


Iondus nar ḟéad an TIĠEARNA iomċar ni buḋ faide, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa, agus do ḃríġ na ngráineaṁleaċd do rinneaḃair; uimesin atá ḃur ttír na fásaċ, agus na húaṫḃás, agus na malluġaḋ, gan áitreaḃṫaċ, mar atá a niuġ.


Do ḃríġ gur loisgeaḃair túis, agus do ḃriġ gur ṗeacuiġeaḃair a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus nar úṁluiġeaḃair do ġúṫ an TIĠEARNA, agus nár ṡiúḃluiġeaḃair iona ḋliġeaḋ, no iona reaċtuiḃ, nó ann a ḟíaġnúisiḃ; uimesin táinic an tolcso oruiḃ, mar atá a niuġ.


Eíst, a ṫaluiṁ: féuċ, do ḃéara mé olc ar an muinntirsi, eaḋon toraḋ a smúaintiġe, do ḃríġ nár éisteadar rem ḃríaṫruiḃ, nó rem ḋliġeaḋ, aċt a tarcuisniuġaḋ.


Egipt, agus Iúdah, agus Edom, clann Ammon, agus Móab, agus a núile ḋúine da ḃfuil annsna brúaċuiḃ imċíana, áitreaḃas annsa ḃfásaċ: óir atáid na cineaḋaċa uile neiṁṫimċillġéarrṫa, agus tiġ Israel uile gan tímċillġearraḋ annsa ccroiḋe.


Aṁuil atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ṫáinic an tolcso uile oruinn, ṫairis sin ní ḋeárnamairne ar nguiḋe a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA ar Ndía, ionnus go bḟillfimís ó ar nolc, agus go ttuigfemís ṫfírinnesi.


Do ṗeacuiġeamairne, agus do rinneamar éigceart, agus do rinneamar go holc, agus do ċogamar, eaḋon le dealuġaḋ ód ṫeagasgaiḃsi agus ód ḃreiṫeaṁnusaiḃ:


Aċt naċ ar ġlacadar mo ḃríaṫrasa agus mo reaċda, noċ daiṫin mé dom ṡearḃḟoġantuiḃ na faíġe, greim da ḃur naiṫriḃse? agus dfilleadar agus a duḃradar, Aṁuil mar do ḃreaṫnuiġ TIĠEARNA na slóġ do ḋéanaṁ rinne, do reír ar sliġṫe, agus do réir ar ngnióṁ, is mar sin do rinne sé rinn.


Do rinneadar fós, a ccroiḋṫe mar ċloiċ adamant, deagla go ccluinfidís an dliġeaḋ, agus na bríaṫra do ċuir TIĠEARNA na sloġ iona spioraid leis na fáiġiḃ rioṁe: uimesin ṫáinic fearg ṁór ó ṪIĠEARNA na slóġ.


Agus tiucfa a ccríċ, mar do ḃaḋḃair ḃur malluġaḋ a measg na ngeinteaḋ, a ṫiġ Iúdah, agus a ṫiġ Israel; marsin coiḃreoċa misi siḃ, agus béiṫi ḃur mbeannuġaḋ: na heagluiġiḋ, aċt bídís ḃur láṁa láidir.


Aṁail na ccineaḋaċ do scrios an TIĠEARNA as coinne ḃur naiġṫe, mar sin do scriosfuiġṫear siḃsi; do ḃríġ nar ḃáil liḃ ḃeiṫ uṁal do ġuṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ