Aċt a duḃairt mé, Ciondus ċuirfios mé ṫusa a measg na cloinne, agus ḃéaras mé dúṫaiġ aóiḃin duit, deaġoiġreaċd ṡlúaġ na gcineaḋaċ? agus a dúḃairt mé, Goirfe tú ḋíomsa, Mo aṫair; agus ní ḟillfe tú ar ais uáimsi.
Aċt fós do ṫóig mé súas mo láṁ ḋóiḃ annsa ḃfásaċ, go naċ ttugainn íad don tír ṫug mé ḋóiḃ, ag tuiliuġaḋ do ḃainne agus do ṁil, noċ isé glóir na nuile ḟearann;
Annsa ló ar ṫóig mé súas mo láṁ ċuca, dá ttaḃairt as críċ na Hégipte go dúṫaiġ do ḃraiṫ mé ḋóiḃ, ag tuiliuġaḋ do ḃainne agus do ṁil, noċ asé glóir na nuile ḟearann:
Aċt an té ṫig na aḋuiġ do ḋéana sé do réir a ṫola féin, agus ní ṡeasfa duine ar bioṫ ris: agus seasfuiḋ sé annsa tír ġlórṁair, noċ scriostar le na láiṁ.
¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
Do ṁeas mé na haḋarca, agus, féuċ, ṫáinic súas iona measg aḋarc ḃeag oile, roiṁe a raiḃ a trí do na haḋarcaiḃ oile tairngṫe súas as a ḃfréuṁuiḃ: agus, féuċ, annsa naḋaircsi do ḃádar súile cosṁuil ré súiliḃ duine, agus béul ag laḃairt neiṫe móra.
Aċt do scanruiḋ mé íad le gaóiṫ ġuáirdeáin a measg na nuile ċineaḋaċ nar ḃaiṫniḋ ḋóiḃ. Marso do ḃí an tír áonranaċ na ndiaiġ, iondus naċ gaḃaḋ duine ar bioṫ ṫríṫe nó air a ais: dfágḃadar a ndúṫaiġ ṫaitneamaċ na fásaċ.