8 Uimesin dfás an poc roṁór: agus an tan do ḃí sé láidir, do briseaḋ a naḋarc ṁór; agus ṫáinic iona háit ceiṫre haḋarca móirṁeasta leaṫ ré ceiṫre gáoṫaiḃ neiṁe.
¶ Aċt a núair do ḃí sé láidir, do ḃí a ċroiḋe ar na ṫógḃáil súas ċum a ṁillte féin: óir do ṗeacuiḋ sé a naġaiḋ an TIĠEARNA a Ḋía féin, agus do ċúaiḋ a steaċ a tteampall an TIĠEARNA do losgaḋ túise ar altoír na túise.
Agus do ḃéara mé ar Elam na ceiṫre gáoṫa ó ċeiṫre háirdiḃ neiṁe, agus sgaóilfiḋ mé íad leaṫ ris na gáoṫaiḃ sin uile; agus ní biáiḋ cineaḋ ar biṫ naċ ttiucfaiḋ díbéarṫuiġ Elam ċuca.
Ṫug mé ort ḟoirlíonaḋ mar ġineaṁuin an ṁaġa, agus do ṁéaduiġ tú agus dfás tú mór, agus ṫáinic tú ċum culaiḋeaċ oirḋearca: do ċumaḋ do ċíċe, agus dfás do ġruáig, a náit a raiḃ tú tárnoċt agus lom.
Agus a nuáir éireoċus sé súas, brisfiġear a rioġaċt, agus roinnfiġṫear í leaṫ ré ceiṫre ġáoṫaiḃ neiṁe; agus ní dá ṡlioċd féin, nó do réir a ṫíġearnuis noċ do ríaġluiḋ sé: óir tarruingṫar súas a rioġaċt, eaḋon do ḋáoiniḃ oile táoḃ amuiġ ḋíoḃsan.
Ná ḋiáiġso do ċonnairc mé, agus féuċ áon oile, aṁuil liopard, agá raiḃ ceiṫre sciaṫáin éin air a ḋruim; ceiṫre cinn fós air an mbeaṫaċ; agus tugaḋ tiġearnas dó.
Agus mar do ḃí mé ag meas, féuċ, ṫáinic gaḃar firionn ó náird ṡíar ar aḋáiġ na talṁan uile, agus níor ḃean ris an ttalaṁ: agus do ḃí aḋairc oirḋeirc eidir ṡúiliḃ an ġaḃair.
Agus do ċonnairc mé é ag teaċd a ḃfogus don reiṫe, agus do ḃí sé lán dfíoċ na aġaiḋ, agus do ḃúail sé an reiṫe, agus do ḃris a ḋá aḋairc: agus ní raiḃ cuṁaċda aig an reiṫe seasaṁ ris, aċd do ṫeilg sé síos ċum na talṁan é, agus do ṡaltair air: agus ní, raiḃ aon do ḟéad an reiṫe do ṡáoraḋ as a láiṁ.
Agus cuirfiḋ sé a aingil le trompa agus lé guṫ mór, agus cruinneoċuid síad a ḋáoine toġṫasan ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal neiṁe go soiṫe an leiṫimeal eile ḋe.
Oír a nuáir do ḃéara misi don tír íad, noċ do ṁionnuiġ mé dá naiṫriḃ, atá lán do ḃainne agus do ṁil; agus íosuid siad agus líonfuid íad féin, agus ḟasfuid méaṫ; annsin iompóċuid ċum dée oile, agus foiġeonuid dóiḃ, agus cuirfid fearg ormsa, agus brisfid mo ċunnraḋ.
Agus na ḋiáiġ sin do ċonnairc me ceiṫre haingil na seasaṁ ar ċeiṫre corruiḃ na talṁan, ag congṁáil ċeiṫre ngáoṫa na talṁan, ionnus naċ séidfeaḋ an ġáoṫ ar an dtálaṁ, ná ar an ḃfairge, ná ar ċrann ar biṫ.