Agus mar do ḃí mé ag meas, féuċ, ṫáinic gaḃar firionn ó náird ṡíar ar aḋáiġ na talṁan uile, agus níor ḃean ris an ttalaṁ: agus do ḃí aḋairc oirḋeirc eidir ṡúiliḃ an ġaḃair.
Agus do ċonnairc mé é ag teaċd a ḃfogus don reiṫe, agus do ḃí sé lán dfíoċ na aġaiḋ, agus do ḃúail sé an reiṫe, agus do ḃris a ḋá aḋairc: agus ní raiḃ cuṁaċda aig an reiṫe seasaṁ ris, aċd do ṫeilg sé síos ċum na talṁan é, agus do ṡaltair air: agus ní, raiḃ aon do ḟéad an reiṫe do ṡáoraḋ as a láiṁ.