5 Agus mar do ḃí mé ag meas, féuċ, ṫáinic gaḃar firionn ó náird ṡíar ar aḋáiġ na talṁan uile, agus níor ḃean ris an ttalaṁ: agus do ḃí aḋairc oirḋeirc eidir ṡúiliḃ an ġaḃair.
Ná ḋiáiġso do ċonnairc mé, agus féuċ áon oile, aṁuil liopard, agá raiḃ ceiṫre sciaṫáin éin air a ḋruim; ceiṫre cinn fós air an mbeaṫaċ; agus tugaḋ tiġearnas dó.
Uimesin dfás an poc roṁór: agus an tan do ḃí sé láidir, do briseaḋ a naḋarc ṁór; agus ṫáinic iona háit ceiṫre haḋarca móirṁeasta leaṫ ré ceiṫre gáoṫaiḃ neiṁe.