Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 8:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 8:25
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ġeaḃuid bás a móiment, agus buáiḋeorṫar na daóine san meaḋon oiḋċe, agus raċaid as: agus béarṫar an neartṁar as gan láiṁ.


¶ Cuiriḋsi ar meisce é: óir do ṁóruiġ sé é fein a naġaíḋ an TIĠEARNA: unfuirtfiġ Móab é féin mar an ccéadna íona sceaṫruiġ, agus biáiḋ sé fós na sgige.


Oír is mó péin éaigceart inġine mo ḋaóinesi na péin ṗeacaiḋ Ṡodom, noċ do díoṫlaiṫriuġaḋ a móment, agus nar ḟan láṁa ar biṫ uirre.


Agus a núair scríosfas sé an slúaġ, tóigfiġear a ċroiḋe súas; agus teilgfe sé síos iomad do ḋeiċ míltiḃ: aċt ní neirteoċar le sin é.


Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.


Aċt suiġfiḋ an breiṫeaṁnus, agus béaruid a ṫiġearnus úaḋa, da ḋíoṫ‐laiṫriuġaḋ agus da scrios go deireaḋ.


Do ṁeas mé na haḋarca, agus, féuċ, ṫáinic súas iona measg aḋarc ḃeag oile, roiṁe a raiḃ a trí do na haḋarcaiḃ oile tairngṫe súas as a ḃfréuṁuiḃ: agus, féuċ, annsa naḋaircsi do ḃádar súile cosṁuil ré súiliḃ duine, agus béul ag laḃairt neiṫe móra.


Aseaḋ, do ṁóruiġ sé é féin eaḋon go prionnsa an tsluáiġ, agus is leis rugaḋ as a nioḋbairt láeṫeaṁuil, agus do teilgioḋ síos áit a ṡanctora.


Bioḋ a ḟios agad air a naḋḃarsin agus tuig, go mbía ó ḋul amaċ na háiṫne Ierusalem daisiog agus do ċur súas gus an Messiah an Prionsa seaċd seaċtṁuine, agus trí fiṫċid agus dá ṡeaċtṁuin: cuirfiġear an tsráid súas a rís, agus an balla, eaḋon a naimsioruiḃ buáiḋearṫa.


Agus a nuáirsin féin do ḃuáil aingeal an Tiġearna é, do ḃríġ naċ ttug sé glóir do Ḋía: agus ar na iṫe do ṗíasdaiḃ, do ċuáiḋ a spiorad as.


Ná meallaḋ éunduine síḃ ar ġléus ar biṫ: óir ni ṫuicfa an lá sin muna dtiucfaiḋ tréigean ar tús, agus go ḃfoillseoċar an duine peacṫaċ, mac an damnuiġe;


Agus foillséoċṫar an tan sin an duine Neaṁḋíaġaḋsin, noċ ċlaóifeas an Tíġearna ré Sbiorad a ḃéil, agus sgriosfus sé ré déallraḋ a ṫeaċd:


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


Agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige air a éudaċ agus air a ṡlíasaid, RI NA RIĠṪEAḊ, AGUS TIĠEARNA NA DTIĠEARNAḊ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ