Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 8:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus buḋ cuṁaċtaċ a neart, aċt ní le na ċuṁaċdaiḃ féin: agus scriosfuiḋ sé go hiongantaċ, agus raċaiḋ sé air a aġaiḋ, agus ġnáṫeoċuiġ, agus scriosfuiḋ sé na cuṁaċdaiġ agus na daóine náoṁṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 8:24
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċonnairc mé an droċḋuine neartṁar, agus agá leaṫnuġaḋ féin aṁuil crann glas ḟasas úaḋ féin.


Agus tar éis na síoḋċána do ḋéanaṁ ris oibreaċa sé go cealgaċ: óir tiucfa sé súas, agus fásfuiḋ sé láidir lé beagan daóine.


Agus do ċúala misi an fear ar na éaduġaḋ le lion, noċ do ḃí air uisgeaḋuiḃ na haḃann, a núair do ċonnaiṁ sé suas a láṁ dbeas agus a láṁ ċlé go neaṁ, agus ṫug a ṁionna san té ṁairios go bráṫ go mbiáiḋ sé go haimsir, go haimsearuiḃ, agus go leaṫ aimsire; agus a nuáir ċríoċnoċus sé scaóileaḋ cuṁaċt na náoṁ, go ccríoċnoċar na neiṫesi uile?


Agus laiḃeora sé bríaṫra móra a naġaiḋ an té is ro Airde, agus caiṫfiḋ amaċ naóiṁ an té is ró Airde, agus sáoilfiḋ aimsiora agus dliġṫe dáṫruġaḋ: do ḃéarṫar iona láiṁ íad go haimsir agus go haimsioruiḃ agus go roinn aimsire.


Agus dfás sé mór, eaḋon go sluáġ neiṁe; agus do ṫeilg síos cuid don tsluáġ agus do na réultuiḃ gus an ttalaṁ, agus do ṡaltair sé orra.


Aseaḋ, do ṁóruiġ sé é féin eaḋon go prionnsa an tsluáiġ, agus is leis rugaḋ as a nioḋbairt láeṫeaṁuil, agus do teilgioḋ síos áit a ṡanctora.


Agus tugaḋ slúaġ ḋó a naġaiḋ na híoḋbarṫa láeṫeaṁla do ḃríġ sáruiġṫe, agus do ṫeilg síos a nfírinne gus an ttalaṁ; agus do ġnáṫuiġ sé, agus ṫáinic air a aġaiḋ.


Agus san naimsir ḋeiġionuiġ a rioġaċda, an tan coiṁlíonfuiġear luċt an néigceirt, seasfuiḋ súas, riġ gnúise ḃuirbe, agus ráiḋteaḋ ndorċa do ṫuicsin.


Óir do ḋóirteadarsan fuil na náoṁ agus na ḃfáiḋeaḋ, agus tug tusa fuil re ól dóiḃ; óir do ṫuilleadar sin.


Oír do ċuir Día na gcroiḋṫiḃ a ṫoil féin do ḋéunaṁ, agus íad féin do ḃeiṫ déuntoil, agus a ríoġaċd do ṫaḃairt don nainṁíḋe, go coiṁlionfuiġṫear bríaṫra Dé.


Agus do ċonnairc mé an ḃean sin air misge dfuil na náoṁ, agus dfuil ṁairtíreaċ Iósa: agus ar na faicsin daṁ, do ġaḃ iongnaḋ roṁor mé.


Oír is fírinneaċ cóṁṫrom a ḃreaṫasan: óir do ḋamnuiġ sé an meirrdreaċ ṁór, do ṫruáill an talaṁ ré na sdríopaċas, agus do ḋíoġail se fuil a ṡearḃḟoġantuiġeaḋ do dóirteaḋ ar á láiṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ