23 Agus san naimsir ḋeiġionuiġ a rioġaċda, an tan coiṁlíonfuiġear luċt an néigceirt, seasfuiḋ súas, riġ gnúise ḃuirbe, agus ráiḋteaḋ ndorċa do ṫuicsin.
Agus tiucfa tú a níos a naġaiḋ mo ṗobail Israel aṁuil néull dfolaċ na talṁan: annsna láeṫiḃ deiġnioċa ḃías sé, agus do ḃéara misi ṫú a naġaiḋ mo ḋúiṫċe, ċor go mbía a ḟios ag na geintiḃ, an tan náoṁṫeaċṫar ionnadsa mé, a Ġog, as coinne a súl.
¶ A ndiáiġ ṁóráin láeṫeaḋ ionnsoċṫar ṫú: annsna bliaḋnuiḃ déiġneoċa tiucfa tú don tír tugaḋ ar ais ón ccloiḋeaṁ, agus do cruinniġeaḋ as mórán daóine, a naġaiḋ sleiḃte Israel, noċ do ḃí a ccoṁnuiḋe na ḃfásaċ: aċt tugaḋ amaċ as na cineaḋaċaiḃ é, agus áitreoċuid síad uile go daingion.
¶ Agus éireoċuiḋ súas iona áit pearsa uirísiol, da naċ ttiuḃruid síad onóir na rioġaċda: aċt tiucfa sé a steaċ go síoṫċánta, agus gnoḋaċuiḋ sé an ríoġaċt le mealltóireaċd.
Raċuiḋ sé a steaċ go síoṫċánta air na háitiḃ is féarr annsa bproḃinnsi; agus do ḋéana sé an ní naċ deárnadar a aiṫre, nó aiṫre a aiṫreaḋ; sgaóilfe sé iona measc an ċreaċ, agus a néadáil, agus an saiḋḃrios: fós, teilgfiḋ sé roiṁe láiṁ a ṫionsganta a naġaiḋ na ndaingion láidir, eaḋon ar feaḋ aimsire.
Dféuċ mé annsin do ḃríġ ġoṫa na mbríaṫar mór do laḃair a naḋarc: dféuċ mé nó gur marḃaḋ an beaṫaċ, agus gur milleaḋ a ċorp, agus gur tugaḋ don lasair ṫintiġe é.
Agus na ndeiċ naḋarc do ḃí ar a ċeann, agus a naóin oile ṫáinic súas, agus roiṁe ar ṫuitiodar tríur, eáḋon na haḋairce agá raḃadar súile, agus béul do laḃair neiṫe ro ṁóra, a raiḃ a ḟéuċuin niosa ró árrṫaċda náid a ċompanuiġ.
Agus laiḃeora sé bríaṫra móra a naġaiḋ an té is ro Airde, agus caiṫfiḋ amaċ naóiṁ an té is ró Airde, agus sáoilfiḋ aimsiora agus dliġṫe dáṫruġaḋ: do ḃéarṫar iona láiṁ íad go haimsir agus go haimsioruiḃ agus go roinn aimsire.
Do ṁeas mé na haḋarca, agus, féuċ, ṫáinic súas iona measg aḋarc ḃeag oile, roiṁe a raiḃ a trí do na haḋarcaiḃ oile tairngṫe súas as a ḃfréuṁuiḃ: agus, féuċ, annsa naḋaircsi do ḃádar súile cosṁuil ré súiliḃ duine, agus béul ag laḃairt neiṫe móra.
Agus buḋ cuṁaċtaċ a neart, aċt ní le na ċuṁaċdaiḃ féin: agus scriosfuiḋ sé go hiongantaċ, agus raċaiḋ sé air a aġaiḋ, agus ġnáṫeoċuiġ, agus scriosfuiḋ sé na cuṁaċdaiġ agus na daóine náoṁṫa.
Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.
Aċd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfiḋ dream áiriġe an creideaṁ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa, ag taḃairt aire do sbioraduiḃ seaċranaċa, agus do ṫeagusguiḃ deaṁan;
Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.