Annsin a duḃairt sé, An ḃfeadair tú cred fa ttáinic misi ad ċoinne? agus anois fillfiḋ mé do ṫroid ré prionnsa na Persia: agus an tan raċfus mé amaċ, féuċ, tiucfuiḋ prionnsa na Gréige.
Agus anois taisbeanfuiḋ mé ḋuitsi a nfírinne. Féuċ, seasfuid súas fós trí ríġṫe san Ṗersia; agus buḋ saiḋḃre an ceaṫraṁaḋ ríġ ná íad uile go ro ṁór: agus le na neart tré na ṡaiḋḃrios corroċuiḋ sé súas a nuile ḋuine a naġaiḋ ríoġaċda na Gréige.
Ná ḋiáiġso do ċonnairc mé, agus féuċ áon oile, aṁuil liopard, agá raiḃ ceiṫre sciaṫáin éin air a ḋruim; ceiṫre cinn fós air an mbeaṫaċ; agus tugaḋ tiġearnas dó.
A nuáir do ċláon mé Iúdah ḋaṁ féin, do líon mé an boġa air Eṗraim, agus do ṫoig mé súas do ṁic, a Ṡion, a naġaiḋ do ṁacsa, a Ġréag, agus do rinne mé ṫú aṁuil cloiḋeaṁ ḋuine neartṁuir.