Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí.
Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin:
Aċd a láeṫiḃ ġoṫa an seaċdṁaḋ aingeal, an tan ṡéidfeas sé a sdoc, biáiḋ rúindíaṁair Dé ar na ċrioċnúġaḋ, do réir mar do ḟoillsiġ sé ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na fáiḋe.
Agus do ġaḃ fearg na cineaḋaċa, agus táinic ṫfeargsa, agus aimsir, ḃreiṫeaṁnuis na marḃ, agus luáiḋeaċda do ṫaḃairt dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ ba faiḋiḃ, agus do na náoṁuiḃ, agus don luċd ar a ḃí eagla hanma, eidir ḃeag agus ṁór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talaṁ.
Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.
Oír do ċuir Día na gcroiḋṫiḃ a ṫoil féin do ḋéunaṁ, agus íad féin do ḃeiṫ déuntoil, agus a ríoġaċd do ṫaḃairt don nainṁíḋe, go coiṁlionfuiġṫear bríaṫra Dé.