Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 8:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Annsin ṫáinic sé a ḃfogus do náit ar ṡeas mé: agus a nuáir ṫáinic sé, do ḃí mé eaglaċ, agus do ṫuit mé air maġaiḋ: aċt a dúḃairt seision riom, Tuig, a ṁic an duine: óir is a ndeireaḋ na haimsire ḃías a naisling.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 8:17
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫuit Abram ar aġúiḋ: agus do ċoṁráiḋ Día ris, dá ráḋ,


Mar taisbéanaḋ an ḃoġa atá san néull a ló na fearṫanna, marsin do ḃí taisbeanaḋ an déallruiġ timċioll fa ccuáirt. Do bé so taisbéanaḋ ċosaṁlaċta ġlóire an TIĠEARNA. Agus a nuáir do ċonnairc mé, do ṫuit mé ar maġaiḋ, agus do ċúala mé gúṫ aóin do laḃair.


Agus a duḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, seas ar do ċosuiḃ, agus laiḃeora misi riot.


¶ Annsin ṫug sé mé a sliġe an ġeata ṫuáiġ as coinne an tiġe: agus daṁairc mé, agus, féuċ, do líon gloir an TIĠEARNA tiġ an TIĠEARNA; agus do ṫuit misi air maġaiḋ.


A ṁic an duine, suiġiḋ haġaiḋ leaṫ ré sléiḃṫiḃ Israel, agus tairrġir na naġaiḋ,


Agus a dúḃairt sé riom, A Ḋániel, a ḋuine air a ḃfuil gráḋ mór, tuig na bríaṫra a déara misi riot, agus seas súas go direaċ: óir is ċugad do cuireaḋ mé anois. Agus an tan do laḃair sé riom, do ṡeas mé ar crioṫ.


Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.


Agus biáiḋ croiḋe an dá ríoġso ré déanaṁ uile, agus laiḃeoruid bréaga air áonḃord; aċt ní ḃéara sin búaiḋ: óir biáiḋ an ċríoċ fós annsa nam ċinte.


¶ Agus a naimsir an deiriḋ cnagfuiḋ ríġ an deisceirt é: agus tiucfa ríġ an tuáisceirt iona aġaiḋ aṁuil gáoṫġuáirdéain, le carbaduiḃ, agus le marcṡlúaġ, agus le mórán long; agus raċuiḋ sé a steaċ annsna tiorṫaiḃ, agus do ḃéara sé an tonn ṫársa agus raċuiḋ ṫairis anonn.


Aċt air do ṡonsa imṫiġ roṁad nó go raiḃ an deireaḋ: óir suáiṁneoċa tú, agus seasfa tú annsa ċrannċair go deireaḋ na láeṫeaḋ.


Aċt ṫusa, a Ḋániel, iáiḋ súas na bríaṫra, agus séuluiḋ an leaḃar, eaḋon go ham an deiriġ: rioṫfuid mórán síos agus súas, agus méideoċuid an téolus.


¶ Annsin do ṫuit an ríġ Nebuċadnessar air a aġaiḃ, agus duṁluiġ sé do Ḋániel, agus daiṫin sé go nofralaidís íoḋbairt, agus bolaḋ cuṁra dó.


Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.


¶ Agus tárla, an tan do ċonnairc misi, misi Dániel, a nfis, agus do lorgair mé a cíall, annsin, féuċ, do ṡeas as mo ċoinne mar ṫaisbeanaḋ duine.


Agus a duḃairt sé, Féuċ, do ḃéara misi ort a ḟios do ḃeiṫ agad cread ḃías annsa ċríċ ḋeiġionuiġ an dioġaltais: óir biáiḋ an deireaḋ san nam ċinte.


Agus danḃfáinniġ misi Daniel, agus do ḃáḋas tinn laeṫe áiriġ; na ḋiáiġsin déiriġ mé súas, agus do rinne mé ġnoṫuiġe an ríġ; agus do ḃí uáṫḃás orum fa a naisling, aċd níor ṫuig duine ar biṫ í.


A ttosaċ híarratuis ṫáinic a náiṫna amaċ, agus atáimsi ar tteaċd dá ṫaisbeanaḋ ḋuitsi; óir áta tú ar do ġráḋuġaḋ go ro ṁór: uimesin tuig an taḋḃar, agus meas a nfis.


Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.


Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí.


Agus ar dtogḃáil a súl dóiḃ, ni ḟacadar éin neaċ, aċd Iósa na áonar.


Agus an tan do ċonnairc mé é, do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ a rioċd ṁairḃ. Agus do ċuir seision a láṁ ḋeas oram, ag ráḋ riom, Ná bíoḋ eagla ort; as míse an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ:


Agus mise Eóin an tí do ċonnairc agus do ċúaluiḋ na neiṫese. Agus an tan do ċúala agus do ċonnairc íad, do ṫuit mé síos ċum sléuċdana do ḋéunaṁ a ḃfiaḋnuise ċos a naingil do ḟoillsiġ na neiṫese ḋaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ