Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.
Agus do ċonnairc mé a naisling; (agus ṫáinic a ccríċ, a nuáir do ċonnairc mé, go raiḃ mé ann Súsan annsa ṗálás, noċ atá a bproḃinnsi Elam;) agus do ċonnairc mé a naisling, agus do ḃí mé ag aḃuinn Ulai.
Agus a duḃairt sé ris, Rioṫ, laḃair ris a nógánaċsa, ag ráḋ, Aiteaċṫar Ierusalem mar ḃailte gan ḃallaḋa ar iomad na ndaóine agus na háirnéisi ḃías innte:
Agus ar ḃfreagra don aingeal a duḃairt sé ris, Is misi Gabríel, ṡeasas a ḃfíaḋnuisi Dé; agus do cuireaḋ mé do laḃairt riotsa, agus dinnsin na núaiḋeaċd maiṫ so ḋuit.
Do ċuir mise Iósa maingeal uáim ċum fíaḋnuise do ḋéunaṁ ḋíḃse ar na neiṫiḃse sna heagluiseaċuiḃ. Is mise fréuṁ agus slióċd Ḋáiḃi, réult ḋeallruiġeaċ na maidne.