Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.
Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.
Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ na hoiḋċe, agus, féuċ, ṫáinic áon cosṁuil re Mac an duine lé neulluiḃ neiṁe, agus ṫáinic sé ċum Sinsir ná láeṫeaḋ, agus ṫugadar a ḃfogus dá laṫair é.
Go nuige so atá críoċ a naḋḃair, Ar mo ṡonsa Dániel, do ḃuáiḋreadar mo smúaintiġṫe go mór mé, agus dáṫruiġ mo ḋealḃ ionnam: aċt do ċoiṁéad mé an ċúis ann mo ċroiḋe.
Ann sin do ċífiḋṫear coṁarṫa Ṁic an duine ar neaṁ: agus ann sin caóifid treaḃa na talṁan uile, agus do ċífid Mac an duine ag teaċd a néullaiḃ neiṁe maille ré cuṁaċdaiḃ agus ré glóir ṁóir.
Aċd an tan do ċífiḋe aḋḟuaṫṁuireaċd an léirsgris, air ar laḃair Daniel an fáiḋ, na ṡeasaṁ ann sa nionad nár ċóir, (tuigeaḋ an té léaġas,) ann sin teiṫeaḋ a mbíaiḋ a ttír Iúdaiġe fá na sléiḃtiḃ.
Ionnas ag féaċaín dóiḃ go ḃfaicfidis, agus naċ tiuḃraidís dá naire; agus ag cloisdin dóiḃ go gcluinfidis, agus naċ dtiucfidis; deagla go ḃfillfidis uáir ar biṫ, agus go maiṫfiġe a bṗeacuiġ ḋóiḃ.
Agus a duḃairt seision, Ní heaḋ; aċd már ċaiptín do ṡlúaġ an TIĠEARNA ṫáinic mé a nois. Agus do ṫuit Iosua ar a aġaiḋ gus an talaṁ, agus do rinne aḋra, agus a duḃairt sé ris, Cred a deir mo ṪIĠEARNA re na óglaċ?
Agus a meaḋón na seaċd gcoinnleóir sin neaċ bá cosṁuil ré Mac an duine, noċ fá raiḃ éudaċ ráinic síos go a ṡáluiḃ, agus crios órrġa ṫairis a dtimċioll a ċíoċ.