Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 8:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 ¶ Annsin do ċúala mé áon náoṁ ag laḃairt, agus a duḃairt náoṁ oile ris a náoṁ áiriġsin do laḃair, Ga fad ḃías a naisling a ttáoḃ na híoḋbarṫa láeṫeaṁla, agus sáruiġṫe na háonránaċda, do ṫaḃairt aráon na sanctóra agus an tsluáiġ do ṡaltairt faoi ċois?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 8:13
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cá fad, a Ḋé, ḃías a neasccara ag scannluġaḋ? an mbía an náṁuid ag tarcuisniuġaḋ ċoiḋċe?


Ní ḟaicmíd ar ccoṁarṫaḋa: ní ḃfuil áon ḟáiḋ ní as mó: ní mó atá áon agá ḃfuil a ḟios cá fad.


Cá fad, a ṪIĠEARNA? ḃías tú feargaċ go bráṫ? an lasfuiḋ héad mar ṫéine?


Agus cuirfiġear ḃur ccunraḋ ris an mbás ar ccúl, agus ní ṡeasfa ḃur réiġteaċ ré hifrionn; a nuáir raċus an scíursa tuiliġeaċ ṫairis, annsin sailteorṫar síos siḃsi leis.


Annsin a dúḃairt misi, a ṪIĠEARNA, ga fad? Agus do ḟreagair seision, Nó go ḃfásuiġṫear na caiṫreaċa gan áitreaḃaċ, agus na tiġṫe gan fear, agus go mbía an talaṁ ṫríd amaċ na ḟásaċ.


Nior ṡealḃuiḋ pobal do náoṁṫaċda é aċd re beagan aimsire: do ṡaltradar ar neasccáirde do ṡanctóra fáoi na ccosuiḃ.


Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.


Do ṁill iomad áoḋaireaḋ mo ġárrḋa fíneaṁna, do ṡaltradar mo ċoṁroinn faói ċosuiḃ, do rinneadar mo ċoṁroinn ṡolásaċ na ḟasáiġ uáigneaċ.


Agus seasfuid láṁa air a ṫaóḃ, agus truáilleoċuid sanctóir an neirt, agus béaruid léo a níoḋbairt laeṫeaṁuil, agus suiḋeoċuid an ġráineaṁlaċd do ní fásaċ.


Agus ó nuáir a ccuirfiġear a níoḋbuirt laéṫeaṁuil ar ccúl, agus an ġráineaṁlaċd do ní fásaċ ar na cur súas, biáiḋ míle ḋá ċéad agus nóċad lá.


Agus do ċúala mé, aċt níor ṫuig mé: annsin a duḃairt mé, A Ṫiġearna, cred ḃías do ċríċ na ccúiseann so?


Marso do ḃádar fise mo ċinn ar mo leabuiḋ; do ċonnairc mé, agus féuċ crann a lár na talṁan, agus buḋ mór a áirde.


Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ mo ċinn air mo leabuiḋ, agus, féuċ, ṫáinic fear faire agus áon náoṁṫa a núas ó neaṁ;


Agus an tionad a ḃfaca an ríġ forḟaireaċ agus áon náoṁṫa ag teaċd a núas ó neaṁ, agus ġá ráḋ, Gearruiḋ síos an crann, agus scriosuiḋ é; ṫairis sin fágḃuiḋ bun na ḃfréaṁ annsa talaṁ, éaḋon lé cuiḃreaċ íarruinn agus práis, a ḃféur ṁín an ṁaġa; agus fliuċṫar é lé drúċt neiṁe, agus bíoḋ a ċuid ronna maille re beaṫuiġiḃ an ṁaċaire, go ndeaċuid seaċd naimsiora ṫairis;


Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.


Is marso a dúḃairt sé, Buḋ é an ceaṫraṁaḋ beaṫaċ an ceaṫraṁaḋ ríoġaċd air an ttalaṁ, noċ ḃías éagsaṁuil ó nuile rioġaċd, agus sluigfiḋ sé an talaṁ go hiomlán, agus sailteoruiḋ sé síos é, agus brisfiḋ a mbloḋuiḃ é.


Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.


Agus a duḃairt mé ris a naingiol do ċoṁráiḋ riom, Cred íadso? Agus do ḟreagair seision mé, Isíad so na haḋarca do scánruiġ Iúdah, Israel, agus Ierusalem.


Agus teiṫfiḋ siḃsi go gleann na sliaḃ; óir roiṫeoċuiḋ gleann na slaíḃ go Hasal: a seaḋ, teiṫfiḋe, aṁuil mar do ṫeiṫeaṁair roiṁe an ccrioṫ ttalṁan a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah: agus tiucfuiḋ an TIĠEARNA mo Ḋía, agus na naóiṁ uile leaċd.


A tá gaċ uile ní ar na ṫaḃairt ḋaṁsa ó Máṫair: agus ní háiṫniḋ déinneaċ an Mac, aċd do Náṫair; agus ní báiṫniḋ deinneaċ an Taṫair, aċd don Ṁac, agus dá gaċ áon dár ab áill leis an Mac a ḟoillsiuġaḋ.


Ar a naḋḃarsin an tráṫ do ċífiḋe aḋḟúaṫṁuireaċd an léirsgrios, air ar laḃair Dániel fáiḋ, na seasaṁ ann sa nionad ċoisreagṫ: (tuigeaḋ, an té léaġas:)


Aċd an tan do ċífiḋe aḋḟuaṫṁuireaċd an léirsgris, air ar laḃair Daniel an fáiḋ, na ṡeasaṁ ann sa nionad nár ċóir, (tuigeaḋ an té léaġas,) ann sin teiṫeaḋ a mbíaiḋ a ttír Iúdaiġe fá na sléiḃtiḃ.


Atáid na huile neiṫe ar na dtaḃairt ḋanhsa óm Aṫair: agus ní ḃfuil a ḟios ag éinneaċ ciá hé an Mac, aċd ag a Naṫair; agus ciá hé an Taṫair, aċd ag an Mac, agus an té dá dtiúḃraḋ an Mac a noċduġaḋ.


Agus an tan do ċífí Iérusalem ar na timċeallaḋ ó ṡlúaġuiḃ, bíoḋ a ḟios aguiḃ an tansin gur ab fogas a fásuġaḋ.


Agus tuitfid lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus béarṫar a mbraiġdeanas íad ċum na nuile ċiniḋeaċ: agus ḃíaḋ Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineaḋaċaiḃ, nó go gcoiṁlíontar aimsearaċa na Geiniḋeaċ.


Ni ḟacaiḋ neaċ ar biṫ Día a riaṁ; an áoinġein Ṁic, atá an uċd a Naṫar, as é dfoillsiġ é ḋúinne.


Agus a duḃairt sé, Ṫainic an TIĠEARNA ó Ṡínai, agus do éiriġ ḋóiḃ súas ó Ṡeir; do ḋealruiḋ sé amaċ ó ṡlíaḃ Páran, agus ṫainic maille le deiċ míle dá náoṁuiḃ: ó na ḋeasláiṁ do ċuáiḋ dliġeaḋ tinntiġe orra.


Ċum ḃur gcroiḋeaḋ do ḋaingniuġaḋ neimċiontaċ a náoṁṫaċd a ḃfiaḋnuisi Dé eaḋon ar Naṫar, a dteaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd maille ré na nuile náoṁuiḃ.


An é naċ dtuillfiḋ (do réir ḃur mbaraṁlasa,) an tí ṡaltras Mac Dé fá na ċosuiḃ, agus measus fuil an ċonnarṫa, lér náoṁaḋ é, ḃeiṫ neaṁġlan, agus do ḃeir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró ṁó ná sin?


Dár foillsiġeaḋ, naċ dóiḃ féin aċd dúinne do ḋéunaidís miniosdrálaċd na neiṫeann, atá a nois ar na ḃfoillsiuġaḋ ḋíḃse leis an druing lér seanmóruiġeaḋ an soisgéul díḃ trés an Spiorad náoṁ do cuireaḋ ó neaṁ a núas; na neiṫe is mían ris na haingliḃ ḟaicsin.


Agus do rinne Enoċ fós, an seaċdṁaḋ pearsa ó Aḋaṁ, fáiḋeadóireaċd ar a saṁuil so, ag ráḋ, Féuċ atá an Tíġearna ag teaċd gon a ṁíltiḃ náoṁ,


Aċd teilg amaċ an ċúirt atá don táoḃ amuiġ don teampoll, agus ná toṁais í; óir tugaḋ í do na Cineaḋaċuiḃ: agus do ḋéunuid an ċaṫair náoṁṫa ṡaltairt fá na gcosuiḃ ré heaḋ ḋá ṁíos agus dá ḟíċead.


Agus do éiġeadar go ġúṫ ard, ag ráḋ, Cá fad ḃías tú, a Ṫiġearna, náoṁṫa ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnus do ḃreiṫ agus dioġaltus do ḋéunaṁ ar son ar ḃfolainne ar an druing áitiġeas ar an dtalaṁ?


Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ris, Cred fá ḃfíafruiġionn tú mammsin marso, ó tá sé ar ċeilt?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ