12 Agus tugaḋ slúaġ ḋó a naġaiḋ na híoḋbarṫa láeṫeaṁla do ḃríġ sáruiġṫe, agus do ṫeilg síos a nfírinne gus an ttalaṁ; agus do ġnáṫuiġ sé, agus ṫáinic air a aġaiḋ.
Agus do filleaḋ breiṫeaṁnus ar ccúl uáinn, agus seasuiḋ an ceart a ḃfad uáinn: óir do ṫuit a nfírinne annsa tsráid, agus ní ḟéadann an ċóir dul a steaċ.
Is ceart atá tú, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṫagruim riot: giḋeaḋ léig ḋaṁ laḃairt riot ar do ḃreiṫeaṁnusaiḃ: Créd fá mbeirionn sliġe na ndroċḋaóine biseaċ? cred fá ḃfuilid uile sona noċ do ní gráineaṁlaċt?
Annsin fillfiḋ sé ḋá ḋúṫaiġ féin maille ré sáiḋḃrios mór; agus a ċróiḋe a naġaiḋ an ċunnarṫa náoṁṫa; agus do ḋéana sé ní mór, agus fillfiḋ sé ḋá ṫír féin.
Do ċonnairc mé an reiṫe ag gaḃáil, síar, agus buḋ ṫúaiġ, agus buḋ ḋeas; ionnus naċ seasfaidís beaṫuiġ ar biṫ ris, nó áon do ḟéadfaḋ ní do ṡáoraḋ as a láiṁ; aċt do rinne do réir a ṫola féin, agus dfás sé mór.