6 Ná ḋiáiġso do ċonnairc mé, agus féuċ áon oile, aṁuil liopard, agá raiḃ ceiṫre sciaṫáin éin air a ḋruim; ceiṫre cinn fós air an mbeaṫaċ; agus tugaḋ tiġearnas dó.
Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ṫáinic iolar mór go sciaṫánuiḃ mora, faidsciaṫánaċ, lán do ċlúṁaċ, iona raiḃ daṫa éagsaṁla, go Lebanon, agus rug air an mbeangán dob áirde don sedar:
Annsin a duḃairt sé, An ḃfeadair tú cred fa ttáinic misi ad ċoinne? agus anois fillfiḋ mé do ṫroid ré prionnsa na Persia: agus an tan raċfus mé amaċ, féuċ, tiucfuiḋ prionnsa na Gréige.
Do ḃí an ċead aṁuil leoṁan, agus do ḃádar sciaṫáin iolair air: agus dfeaċus no gur ṫairngeaḋ a sciaṫain, do tógḃaḋ súas ón ttaláṁ é agus tugaḋ air seasaṁ air na cosaiḃ aṁuil duine, agus tugaḋ croiḋe duine ḋó.
Agus féuċ beaṫaċ oile, an dara, aṁail beiṫir, agus do ṫóg súas é féin ar táoḃ, agus do ḃí trí asna iona ḃéul idir a ḟiaclaiḃ: agus a duḃradar marso ris, Eiriġ, sluig mórán feóla.
Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.