Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 7:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 7:27
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is rioġaċt síorruiġ do rioġaċtasa, agus do ċuṁaċda tre nuile ġinealaċ.


Cuiṁneoċuid críoċa na talṁan uile é agus iompóċuid ċum an TIĠEARNA: agus do ḋéanuiḋ a nuile ċineaḋ do na geinteiḃ aḋraḋ ós a ċoinne.


Agus tuitfiḋ gaċ uile ríġ síos dá laṫair: do ḋéanaiḋ a nuile ċineaḋ seirḃís dó.


Tiocfaid na huile ċineaḋaċa do rinnis agus do ḋéanaid aḋra ós do ċoinne, a ṪIĠEARNA; agus do ḋéanaid hainm do ġlóruġaḋ.


Agus glacfuiḋ an pobal íad, agus do ḃéaraid dá náit íad: agus sealḃoċuiġ tiġ Israel íad a ndúṫaiġ an TIĠEARNA mar ṡeirḃíseaċa agus mar ċuṁala: agus géuḃuid na mbraiġdiḃ íad, aiga raḃadar san na mbraiġdiḃ; agus ríaġloċuid ós cionn luċd a mbrúiġte.


Oír brisfe tú amaċ ar an láiṁ ḋeis agus ar an cclé; agus géaḃa do ṡlioċd oiġreaċd na ngeinteaḋ, agus do ḋéanair na caiṫreaċa uaigneaċa áitiġṫe.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Agus a ccionn na láeṫeaḋsin misi Nebuċadnessar do ṫóig mé súas mo ṡúile ċum neiṁe, agus dfill mo ṫuigsi ċugam, agus do ḃeannuiḋ mé an té is ro Airde, agus do ṁol mé agus donóruiġios an té ṁairios go bráṫ, noċ ar tiġearnus síorruiġe a ṫiġearnus, agus agá ḃfuil a rioġaċd ó ġinealaċ go ginealaċ:


Do nímsi órduġaḋ, An gaċ uile ṫiġearnas dom rioġaċd go mbiáiḋ crioṫ, agus uáṁan air a nuile roiṁe Día Ḋániel: óir isé an Día béo é, agus daingion go bráṫ, agus isí a rioġaċt naċ sgriosfuiġear ċoiḋċe, agus biáiḋ a ṫiġearnas go deireaḋ.


Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Nó go ttáinic Sinsior na laéṫeaḋ, agus tugaḋ breiṫeaṁnus do náoṁuiḃ an té is ro Airde; agus ṫáinic an tan gur ṡealḃuiġeadar na naóiṁ an rioġaċt.


Agus tiucfuiḋ coḃarṫuiġ súas air ṡliaḃ Sion do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air ṡlíaḃ Esau; agus buḋ leis an TTIĠEARNA an rioġaċd.


Agus biáiḋ an TIĠEARNA na ríġ ós an ttalaṁ uile: annsa ló sin ḃías aoin TIĠEARNA aṁáin, agus búḋ áon a ainm.


Agus bíaiḋ sé na riġ ar ṫiġ Iácob go bráṫ; agus ní ḃía deireaḋ ar a ríoġaċd.


Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?


Ann sin ḃías an ċríoċ ḋeiġeanaċ, ar dtaḃairt na rioġaċda súas dó a láiṁ Dé, eaḋon an Taṫar; an tan ċuireas sé ar gcúl gaċ uile úaċdaránaċd, agus gaċ uile ċúṁaċd agus gaċ uile neart.


Agus tugaḋ ḋaṁ giolcaċ cosṁuil ré slait: agus do ṡeas an taingeal láiṁ riom, agus a duḃairt, Eiriḋ, agus toṁais teampoll Dé, agus a naltóir, agus an dream do ní seirḃís ann.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


Agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige air a éudaċ agus air a ṡlíasaid, RI NA RIĠṪEAḊ, AGUS TIĠEARNA NA DTIĠEARNAḊ.


Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.


Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ