Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 7:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus laiḃeora sé bríaṫra móra a naġaiḋ an té is ro Airde, agus caiṫfiḋ amaċ naóiṁ an té is ró Airde, agus sáoilfiḋ aimsiora agus dliġṫe dáṫruġaḋ: do ḃéarṫar iona láiṁ íad go haimsir agus go haimsioruiḃ agus go roinn aimsire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 7:25
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cía scannluiġ tú agus cía ṁasluiġ tú; agus cía a naġaiḋ ar árduiġ tú do ġuṫ, agus ar ṫóg tú do ṡúile súas go hárd? eaḋon a naġaíḋ Aóin Náoṁṫa Israel.


Annsin fillfiḋ sé ḋá ḋúṫaiġ féin maille ré sáiḋḃrios mór; agus a ċróiḋe a naġaiḋ an ċunnarṫa náoṁṫa; agus do ḋéana sé ní mór, agus fillfiḋ sé ḋá ṫír féin.


Agus do ċúala misi an fear ar na éaduġaḋ le lion, noċ do ḃí air uisgeaḋuiḃ na haḃann, a núair do ċonnaiṁ sé suas a láṁ dbeas agus a láṁ ċlé go neaṁ, agus ṫug a ṁionna san té ṁairios go bráṫ go mbiáiḋ sé go haimsir, go haimsearuiḃ, agus go leaṫ aimsire; agus a nuáir ċríoċnoċus sé scaóileaḋ cuṁaċt na náoṁ, go ccríoċnoċar na neiṫesi uile?


Agus áṫruiġiḋ sé na haimseara agus na huáine: áṫruiġiḋ sé ríġṫe, agus cuiriḋ sé ríġṫe súas: do ḃeir sé eagna do na daóiniḃ glioca, agus eólus don ṁéid aiṫniġios tuigsi:


Annsin ṫáinic Nebuċadnessar láiṁ re béul na fuirnísi loísgniġ teineaḋ, agus do laḃair, agus a duḃairt, A Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, siḃsi a ṡeirḃísiġ an Dé is ro áirde, tigiḋ amaċ, agus tigiḋ annso. Annsin ṫáinic Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, amaċ as lár na teineaḋ.


Is lé hórduġaḋ na ḃfear faire atá an ċúis si, agus an tíarratus lé bréiṫir na náon náoṁṫa: ċor go mbí a ḟios aig an mbeó go ríaġluiġionn an té is ro Airde a rioġaċt na ndaóine, agus go ttaḃair í don té is áill leis, agus go ccuirionn súas ós a cionn an té is uirísle do na daóiniḃ.


Do ṁeas mé gur maiṫ ré ṫaisbeanaḋ na coṁarṫaḋa agus na hionganta dfoillsuiġaḋ doibriġ an taird Ḋía leaṫ riemsa.


Go ndíbeóruid ṫusa ó ḋaóiniḃ, agus go mbiáiḋ do ċoṁnuiḋe a bfoċair ḃeaṫaċ na talṁan, agus do ḃeirid ort féur diṫe mar ḋaiṁ, agus fliucfuid ṫú ré drúċt neiṁe, agus raċfuid seaċt naimsiora ṫort, nó go naiṫniġiḋ tú gur bé an té is ro Airde ríaġlas a rioġaċt na ndaóine, agus do ḃeir í don té is áill leis.


Agus díbeoruid síad ó ḋaoiniḃ ṫú, agus biáiḋ háitreaḃ a ḃfoċair ḃeaṫaċ an ṁaċaire: do ḃéuruid ort féur diṫe aṁuil daiṁ, agus raċuid seaċd naimsiora ṫort, nó go raiḃ a ḟios agad gur bé an té is ro Airde ríaġlus a rioġaċd na ndaóine, agus go ttugann í don té da ttogrann féin.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Agus na ndeiċ naḋarc do ḃí ar a ċeann, agus a naóin oile ṫáinic súas, agus roiṁe ar ṫuitiodar tríur, eáḋon na haḋairce agá raḃadar súile, agus béul do laḃair neiṫe ro ṁóra, a raiḃ a ḟéuċuin niosa ró árrṫaċda náid a ċompanuiġ.


Do ṁeas mé na haḋarca, agus, féuċ, ṫáinic súas iona measg aḋarc ḃeag oile, roiṁe a raiḃ a trí do na haḋarcaiḃ oile tairngṫe súas as a ḃfréuṁuiḃ: agus, féuċ, annsa naḋaircsi do ḃádar súile cosṁuil ré súiliḃ duine, agus béul ag laḃairt neiṫe móra.


Aseaḋ, do ṁóruiġ sé é féin eaḋon go prionnsa an tsluáiġ, agus is leis rugaḋ as a nioḋbairt láeṫeaṁuil, agus do teilgioḋ síos áit a ṡanctora.


Agus a dúḃairt seision riomsa, Go dá ṁíle agus trí ċéud lá; annsin glanfuiġear an tsanctóir.


Agus ṫáinic aḋarc ḃeag amaċ as aón aca, naċ dfás go hanṁór, don leaṫ ṫeas, agus don leaṫ ṡoir, agus leaṫ ris an ndúṫaiġ aóiḃinn.


Agus daingneoċa sé an cunraḋ ré mórán air feaḋ aoin tseaċdṁuine: agus a lár na seaċdṁuine do ḃéara sé air a nofráil agus air a níoḋbairt scur, agus do ḃríġ foirleiṫne ġráineaṁlaċda do ḋéana sé áonránaċ í, eaḋon go nuige an ccríoċnuġaḋ, agus sin ar ccinneaḋ dóirtfiġear é air a nuáignios.


Fíllid síad, aċd ní ċum an té is ro Airde: is cosṁuil re boġa mealltaċ íad: tuitfid a bprionsaḋa leis an ccloiḋeaṁ, do ḃríġ díḃḟeirge a tteangaḋ: buḋ é so a magaḋ a ccríċ na Hégipte.


Ná meallaḋ éunduine síḃ ar ġléus ar biṫ: óir ni ṫuicfa an lá sin muna dtiucfaiḋ tréigean ar tús, agus go ḃfoillseoċar an duine peacṫaċ, mac an damnuiġe;


An náṁuid do áirduiġeas é féin ós cionn gaċ neiṫe dá ngoirṫear Día, nó do niṫear onóruiġeaḋ; ionnas go súiġfe sé mar Ḋía a dteampoll Dé, ḋá ċur a gcéill gur Día é féin.


Agus foillséoċṫar an tan sin an duine Neaṁḋíaġaḋsin, noċ ċlaóifeas an Tíġearna ré Sbiorad a ḃéil, agus sgriosfus sé ré déallraḋ a ṫeaċd:


Agus tugaḋ don ṁnaói ḋá sgiaṫán iolair ṁóir, ċum dul dí ar eitealluiġ fán ḃfásaċ, dá hionad féin, sa náit a noiltear í feaḋ aimsire, agus aimsioraċ, agus leiṫ aimsire, ó aṁarc a naiṫir niṁe.


Agus do ṫeiṫ an ḃeann ċum an ḟásuiġ, mar ar ullṁuiġ Día áit ḋi, ċum a beaṫuiġe ann sin ar feaḋ ṁíle ḋá ċéud agus ṫrí fiċid lá.


Is ann so atá foiġid na náoṁ: is ann so ḋearḃṫar an dream ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus creideaṁ Iósa.


Óir do ḋóirteadarsan fuil na náoṁ agus na ḃfáiḋeaḋ, agus tug tusa fuil re ól dóiḃ; óir do ṫuilleadar sin.


Agus do ċonnairc mé an ḃean sin air misge dfuil na náoṁ, agus dfuil ṁairtíreaċ Iósa: agus ar na faicsin daṁ, do ġaḃ iongnaḋ roṁor mé.


Agus is innte fríṫ fuil na ḃfaiḋeaḋ, agus na náoṁ, agus na nuile ḋaóineaḋ do marḃaḋ ar an dtalaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ