O ḋaóiniḃ red láiṁ, a ṪIĠEARNA, ó ḋaóiniḃ an tsáoġail, agá ḃfuil a ccuid annsna mbeaṫaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnṁus foluiġeaċ: atáid síad lán do ċloinn, agus fágḃuid an ċuid oile dá maóin agá naóiḋeanuiḃ.
Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.
Do ḟreaguir Iósa, Ní don tsáoġalsa mo ríoġaċdsa: dá maḋ don tsáoġalsa mo ríoġaċd, gan ċunntaḃairt do ḋéanaidís mo ṁuinntir caṫuġaḋ, ionnus naċ dtioḃarṫáoi do na Iúduiḋiḃ mé: aċd a nois ní as so mo rioġaċdsa.
Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.