16 Ṫáinic mé a ḃfogus dáon díoḃ do ṡeas a ccoṁġar, agus dfíafruiġ mé a ḟírinne só uile ḋe. Annsin dinnis se ḋaṁ, agus ṫug orum fios céille na neiṫionn do ḃeiṫ agam.
Ṫáinic sruṫ tinntiġe amaċ agus ṫáinic amaċ as a ċoinne: do ḃí míle do ṁíltiḃ ag miniostrálaċd dó, agus deiċ míle uáir deiċ míle do ṡeas as a ċoinne: do suiġeaḋ an breiṫeaṁnus, agus do hosclaḋ na leaḃair.
Annsin ṫáinic sé a ḃfogus do náit ar ṡeas mé: agus a nuáir ṫáinic sé, do ḃí mé eaglaċ, agus do ṫuit mé air maġaiḋ: aċt a dúḃairt seision riom, Tuig, a ṁic an duine: óir is a ndeireaḋ na haimsire ḃías a naisling.
Agus a duḃairt mé ris a naingiol do ċoṁráiḋ riom, Cred íadso? Agus do ḟreagair seision mé, Isíad so na haḋarca do scánruiġ Iúdah, Israel, agus Ierusalem.
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Má ṡiuḃluiġionn tú ann mo ṡliġṫiḃse, agus má ċoiṁéadann tú mo ċúram, annsin do ḋéana tú breiṫeaṁnus air mo ṫiġ, agus cuiṁdeoċa tú fós mo ċúirtionna, agus do ḃéara mé áite ḋuit do ṡiuḃal na measc só noċ ṡeasas láiṁ riot.
Agus a dúḃairt neaċ do na seanóiriḃ riom, Ná guil: féuċ, rug an Leoṁan do ṫreiḃ Iúda, Fréuṁ Ḋáiḃí, buáiḋ air an leaḃar dfosglaḋ, agus ar a ṡeaċd séuluiġiḃ go sgáoileaḋ.