Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 7:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Do ḃí misi Dániel doilġiosaċ ann mo spioraid a lár mo ċuirp, agus do ḃuáiḋriodar fise mo ċinn mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 7:15
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao.


Ar mo ṡonsa, níor ḋeifriġ mé ó ḃeiṫ am aoḋaire dot leanṁuinsi: ní mó do ṫoiliġ mé an lá mairgneaċ; atá a ḟios agadsa: do ḃí an ní ṫáinic amaċ as mo ḃéul ceart ad ḟíaġnuisi.


Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.


Agus annsa dara ḃlíaḋain do rioġaċd Nebuċadnessar do ċonnairc Nebuċadnessar aislingṫe, ler buáiḋreaḋ a spiorad, agus dimṫiġ a ċodlaḋ náḋ.


Agus a duḃairt an ríġ ríu, Do ċonnairc mé aisling, agus do ḃí mo spíorad buáiḋearṫa dfaġáil feasa na haislinge.


¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.


Do ċonnairc mé aisling do ċuir eagla orum, agus do ḃúaiḋir smuáintiġṫe air mo leabuiḋ mé agus fise mo ċinn.


Annsa ċéd ḃlíaḋuin do Ḃelsassar ríġ na Babilóine, do ċonnairc Dániel aisling agus fise a ċinn air a leabuiḋ: annsin do scríoḃ sé á naisling, agus dinnis sé suim na mbríaṫar.


Go nuige so atá críoċ a naḋḃair, Ar mo ṡonsa Dániel, do ḃuáiḋreadar mo smúaintiġṫe go mór mé, agus dáṫruiġ mo ḋealḃ ionnam: aċt do ċoiṁéad mé an ċúis ann mo ċroiḋe.


Agus do ċonnairc mé a naisling; (agus ṫáinic a ccríċ, a nuáir do ċonnairc mé, go raiḃ mé ann Súsan annsa ṗálás, noċ atá a bproḃinnsi Elam;) agus do ċonnairc mé a naisling, agus do ḃí mé ag aḃuinn Ulai.


Agus danḃfáinniġ misi Daniel, agus do ḃáḋas tinn laeṫe áiriġ; na ḋiáiġsin déiriġ mé súas, agus do rinne mé ġnoṫuiġe an ríġ; agus do ḃí uáṫḃás orum fa a naisling, aċd níor ṫuig duine ar biṫ í.


An tan do ċúaluiḋ mé, do ċrioṫnuiġ mo ḃolg, dúasnadar mo ṗuisine ris an ngúṫ: do ċuáiḋ loḃaḋ a steaċ ann mo ċnáṁuiḃ, agus do criṫ mé ionnam féin, iondus go súaiṁneaċuinn a ló na buaiḋearṫa: an tan ṫiġ sé súas ċum na ndaóine, ionnsoċuiḋ sé íad le na ṡlúaġuiḃ.


Ar mbeiṫ a ḟeasa agum gur fogas daṁ ám sgáoilte mo ḃoiṫe, aṁuil fós do ṫaísbéin ar Dtíġearna Iósa Críosd ḋaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ