Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 7:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 7:14
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar ċruinneoċtar na daóine a néinḟeaċd, agus na rioġaċda, ċum seirḃíse do ḋéanaṁ don TIĠEARNA.


Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA a ċaṫaóir ríoġa ar neaṁ; agus atá a rioġaċt ag ríaġluġaḋ ós cionn a nuile.


Is rioġaċt síorruiġ do rioġaċtasa, agus do ċuṁaċda tre nuile ġinealaċ.


Biáiḋ an TIĠEARNA a rioġaċt go síorruiḋe, do Ḋíase, a Ṡíon, ó ġinealaċ go ginealaċ. Moluiḋsi an TIĠEARNA.


Atá do ċaṫaóir ríoġa, a Ḋé, go sáoġal na sáoġal: colḃa fíréuntaċda iseaḋ is colḃa dot ríoġaċd.


Agus tuitfiḋ gaċ uile ríġ síos dá laṫair: do ḋéanaiḋ a nuile ċineaḋ seirḃís dó.


Agus mairfiḋ a ainm go bráṫ: an feaḋ ḃías an ġrían ann iseaḋ ḃías a ainm ag leaṫnuġaḋ: agus beinneoċar dáoine annsan: goirfiḋ a nuile ċineaḋ sona ḋe.


Do ċuir tú é ós cionn oibreaċ do láṁ; do ċuiris a nuile ní fá na ċosuiḃ:


Agus daingneoċar an ċaṫaoir rioġa a ttrócaire: agus suiḋfiḋ sé innte a ḃfírinne a ttabernacuil Ḋáiḃi, ag breaṫnuġaḋ, ag iarruiḋ breiṫeaṁnuis, agus ag deifriuġaḋ an ċeirt.


Oír an cineaḋ nó an rioġaċt naċ ḃfoiġeonuiḋ ḋuit sgriosfuiġear é; fáiseaċṫar fós; na cineadaċa sin uile.


Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


Annsin do briseaḋ an tíarann, an ċré, an prás, an tairgiod, agus an tór, na ccodċuiḃ a naóinḟeaċd, agus do rínneaḋ ḋoíḃ aṁuil cáiṫ urláir ḃuáilte san saṁraḋ; agus rug an ġáoṫ lé íad, go naċ fríṫ áit ar bioṫ ḋóiḃ: agus do rinneaḋ slíaḃ mór don ċloiċ do ḃuáil a níoṁáiġ, agus do líon sé an talaṁ uile.


Ṫusa, a ríġ, atair ad ríġ ós ríoġuiḃ: óir ṫug Día neiṁe ḋuit rioġaċt, cuṁaċt, agus neart, agus glóir.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Annsin dfúagair an bollsaire go hárd, Do haiṫniġeaḋ ḋíḃsi, A ḋaóine, a ṫíorṫa, agus a ṫeangṫa,


Cread méad a ċoṁarṫaḋa! agus créad cuṁaċduiġ a iongantaḋ! is rioġaċt ṡíorruiḋe a rioġaċt, agus atá a ṫiġearnus ó ġinealaċ go ginealaċ.


Do nímsi órduġaḋ, An gaċ uile ṫiġearnas dom rioġaċd go mbiáiḋ crioṫ, agus uáṁan air a nuile roiṁe Día Ḋániel: óir isé an Día béo é, agus daingion go bráṫ, agus isí a rioġaċt naċ sgriosfuiġear ċoiḋċe, agus biáiḋ a ṫiġearnas go deireaḋ.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.


Agus tiucfuiḋ coḃarṫuiġ súas air ṡliaḃ Sion do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air ṡlíaḃ Esau; agus buḋ leis an TTIĠEARNA an rioġaċd.


Agus do ḋéana mé íarsma don ṁnaói do ḃí bacaċ, agus cineaḋ láidir ḋise do teilgeaḋ a ḃfad: agus ríaġloċṫaiġ an TIĠEARNA ós a ccionn a ṡaḃ Sion ó so amaċ go bráċ, agus ċoiḋċe.


A tá gaċ uile ní ar na ṫaḃairt ḋaṁsa ó Máṫair: agus ní háiṫniḋ déinneaċ an Mac, aċd do Náṫair; agus ní báiṫniḋ deinneaċ an Taṫair, aċd don Ṁac, agus dá gaċ áon dár ab áill leis an Mac a ḟoillsiuġaḋ.


Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ.


Agus bíaiḋ sé na riġ ar ṫiġ Iácob go bráṫ; agus ní ḃía deireaḋ ar a ríoġaċd.


Atáid na huile neiṫe ar na dtaḃairt ḋanhsa óm Aṫair: agus ní ḃfuil a ḟios ag éinneaċ ciá hé an Mac, aċd ag a Naṫair; agus ciá hé an Taṫair, aċd ag an Mac, agus an té dá dtiúḃraḋ an Mac a noċduġaḋ.


Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?


Atá gráḋ ag an Aṫair do Ṁac, agus tug sé na huile neiṫe iona láiṁ.


Uime sin ar ḃfaġáil ríaċda ḋúinn naċ féidir a ċorruġaḋ, bíoḋ grás aguinn, tré na ḃféudfum seirḃís a ḋéunaṁ do Ḋía ann a mbíaḋ dúil aige maille ré náire agus ré faitċeas:


Noċ atá ar deis Dé, tar éis dul ar neaṁ; dá ḃfuilid na haingil agus na cúṁaċda agus na suḃáilciḋe fá úṁlaċd ḋó


Agus do rinne ḋínn ríġṫe agus sagairt do Ḋía agus dá Aṫair; glóir agus cúṁaċda ḋósan go sáoġal na sáoġal. Amén.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ