13 Do ċonnairc mé a ḃfisiḃ na hoiḋċe, agus, féuċ, ṫáinic áon cosṁuil re Mac an duine lé neulluiḃ neiṁe, agus ṫáinic sé ċum Sinsir ná láeṫeaḋ, agus ṫugadar a ḃfogus dá laṫair é.
Féuċ, tiucfa sé aṁuil leoṁan a níos ó árd Iordan gus a náitreaḃ neartṁar: aċt do ḃéara misi air rioṫ go hobann uáiṫe: agus cía an duine toġṫa, óirdeoċus mé ós a cionn? óir cía is cosṁuil riom? agus cía ċinnfios a naimsir ḋaṁ? agus cía an tréaduiġe ṡeasfas as mo ċoinne?
¶ Agus do ḃí ós cionn na spéire do ḃí ós cionn a cceanna cosaṁlaċt caṫaóire ríoġa, aṁuil taisbéanaḋ ċloiċe saṗir: agus do ḃí ar ċosaṁlaċt na caṫaoire saṁlaċus aṁuil taisbeanaḋ duine air ṡuás.
Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.
¶ Dféuċ mé nó gur teilgeaḋ na caṫaoire ríoġa síos, agus do ṡuiġ Sinsior na laéṫeaḋ, agá ráiḃ a ċulaiḋ coiṁġeal lé sneaċda, agus grúag a ċinn aṁuil olann ṁín: buḋ cosṁuil a ċaṫaóir ríoġa lé lasair ṫeineaḋ, agus a rioṫleáin aṁuil teine loiscniġ.
Ann sin do ċífiḋṫear coṁarṫa Ṁic an duine ar neaṁ: agus ann sin caóifid treaḃa na talṁan uile, agus do ċífid Mac an duine ag teaċd a néullaiḃ neiṁe maille ré cuṁaċdaiḃ agus ré glóir ṁóir.
A deir Iosa ris, A duḃairt tusa é: aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na ḋiaiġ so do ċifiḋe Mac an duine na ṡuiḋe ar deas láiṁ ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd a néulliḃ neiṁe.
Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.
Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?
Na ḋíaiġ sin inne ḟúigfiġear béon, fuáidéoċar súas sinn ma ráon ríusan sna néulluiḃ, ċum teagṁála don Tíġearna sa naíeur: agus mar sin bíam go síorruiḋe a ḃfoċair an Tíġearna.
Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ġaḃ seision mar an gcéudna a ċuid díoḃ sin ċuige; ċum an tí agá ḃfuil cúṁaċd an ḃáis, éaḋon an díaḃal, dionnarbaḋ ḋó tré ḃás;
Oír ní ḋeaċuiḋ Críosd a steaċ don naóiṁiosdaḋ do rinneaḋ ré láṁuiḃ, noċ bá heisiompláir do na hiosdaḋuiḃ fírinneaċ; aċd go flaiṫeaṁnas féin, ċum é féin do ṫaisbéunaḋ a nois a ḃfíaḋnuise Dé air ar soinne:
Agus a meaḋón na seaċd gcoinnleóir sin neaċ bá cosṁuil ré Mac an duine, noċ fá raiḃ éudaċ ráinic síos go a ṡáluiḃ, agus crios órrġa ṫairis a dtimċioll a ċíoċ.
Féuċ, atá sé ag teaċd maílle ré neulluiḃ; agus do ċífiḋ gaċ uile ṡúil é, agus an dream féin do ṫoll é: agus cáoinfid na huile ṫreaḃa na talṁan na ḟíaḋnuise. As aṁluiḋ ḃías, Amén.
Agus daṁairc mé, agus féuċ néull geal, agus neaċ na ṡuiḋe air a néull cosṁuil ré Mac an duine, agá raiḃ coróin órrġa ar a ċeann, agus corrán géur ann a láiṁ.