Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 7:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Ṫáinic sruṫ tinntiġe amaċ agus ṫáinic amaċ as a ċoinne: do ḃí míle do ṁíltiḃ ag miniostrálaċd dó, agus deiċ míle uáir deiċ míle do ṡeas as a ċoinne: do suiġeaḋ an breiṫeaṁnus, agus do hosclaḋ na leaḃair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 7:10
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt seision, Eistse ar a naḋḃarsin bríaṫar an TIĠEARNA: do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡuiḋe iona ċaṫaoir, agus slóiġ ḟlaiṫeaṁnuis uile na seasaṁ na ḟoċair ar a laiṁ ḋeis agus air a láiṁ ċlé:


A duḃairt sé a rís, Uimesin éisti bríaṫar an TIĠEARNA; Do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡuiḋe iona ċaṫaoir, agus slúaġ ḟlaiṫeaṁnus na seasaṁ air a láiṁ ḋeis agus ċlé.


An ḃfuil áirioṁ ar biṫ air a ṡlúaġaiḃ? agus cía air naċ éirġionn a ṡolus?


Beannuiġe an TIĠEARNA, a ṡluaġsan uile; a luċd friṫeóilte, noċ do ní a ṫoil.


Do ċuáiḋ deataċ súas tré na ṡróin ṗuill agus teine iosa ḃéul ag cnaói: do lás gúal úaḋa.


Tiucfaiḋ ar Ndía, agus ní ḃiáiḋ na ṫoċd: loisgfiḋ teine roiṁe, agus biáiḋ anfa iomarcaċ na ṫimċioll fa gcuáirt.


Atáid carbaid Dé fiṫċe míle, míltiḋ dáingliḃ; atá an TIĠEARNA na measc, annsa náit náoṁṫa, Sínai.


¶ Féuċ, ṫig ainm an TIĠEARNA ó imċéine, ag loscaḋ le na ḟeirg, agus is trom a úalaċsin: ataid a ṗuisíniġe lán dfeirg, agus a ṫeanga aṁuil teine loisgniġe:


Oír do hórduiġeaḋ Toṗet ón tseanaimsir; iseaḋ, don ríġ fós do hullṁuiġeaḋ é; do rinne sé doṁuin agus leaṫan é: sé a ċárn sin teine agus iomad connaiḋ: lasaiḋ anál an TIĠEARNA é, aṁuil sruṫ ruiḃe.


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Nó go ttáinic Sinsior na laéṫeaḋ, agus tugaḋ breiṫeaṁnus do náoṁuiḃ an té is ro Airde; agus ṫáinic an tan gur ṡealḃuiġeadar na naóiṁ an rioġaċt.


Aċt suiġfiḋ an breiṫeaṁnus, agus béaruid a ṫiġearnus úaḋa, da ḋíoṫ‐laiṫriuġaḋ agus da scrios go deireaḋ.


Agus teiṫfiḋ siḃsi go gleann na sliaḃ; óir roiṫeoċuiḋ gleann na slaíḃ go Hasal: a seaḋ, teiṫfiḋe, aṁuil mar do ṫeiṫeaṁair roiṁe an ccrioṫ ttalṁan a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah: agus tiucfuiḋ an TIĠEARNA mo Ḋía, agus na naóiṁ uile leaċd.


Agus an tráṫ ṫiocfas Mac an duine an a ġlóir féin agus na haingil náoṁṫa uile maille ris, ann sin suiḋfiḋ sé ar ċaiṫír a ġlóire féin:


Agus a duḃairt sé, Ṫainic an TIĠEARNA ó Ṡínai, agus do éiriġ ḋóiḃ súas ó Ṡeir; do ḋealruiḋ sé amaċ ó ṡlíaḃ Páran, agus ṫainic maille le deiċ míle dá náoṁuiḃ: ó na ḋeasláiṁ do ċuáiḋ dliġeaḋ tinntiġe orra.


A né naċ sbiorada freasduil íad uile, ċurṫar a maċ ċum miniosdrálaċda ar son na druinge ġeuḃus oiġreaċd an tslánaiġṫe?


Aċd as ċum sléiḃe Síon atá siḃ ar dteaċd, agus ċum caiṫreaċ Dé ḃí, ċum na Hierusalém neaṁġa, agus ċum cuideaċa na mílteaḋ aíngeal,


Agus do rinne Enoċ fós, an seaċdṁaḋ pearsa ó Aḋaṁ, fáiḋeadóireaċd ar a saṁuil so, ag ráḋ, Féuċ atá an Tíġearna ag teaċd gon a ṁíltiḃ náoṁ,


Agus do ġaḃ fearg na cineaḋaċa, agus táinic ṫfeargsa, agus aimsir, ḃreiṫeaṁnuis na marḃ, agus luáiḋeaċda do ṫaḃairt dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ ba faiḋiḃ, agus do na náoṁuiḃ, agus don luċd ar a ḃí eagla hanma, eidir ḃeag agus ṁór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talaṁ.


Do ḟéuċ mé an tan sin, agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ṁórain daingliḃ a dtimċioll na caṫaóireaċ agus na mbeaṫaċ agus na seanoir: agus a sé líon do ḃádar ann deiċ míle núair deiċ míle agus miltiḋeaḋ do ṁíltiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ