¶ Agus a duḃairt Háman ris an ríġ Ahasuerus, Atá pobal áiriġ sgaóilte amuiġ agus ar na spréaġaḋ idir na daóiniḃ an anuile ṗroiḃinnsiḃ do rioġaċta; agus atáid a ndliġṫe éacsaṁuil ó nuile ṗobal, agus ní ċoṁéaduid diiġṫe an ríġ: uime sin ní tarḃa don ríġ a ḃfulang.
Agus íarruiḋ síoṫċáin na caiṫreaċ ċum a ttug misi fa deara ḃur mbreiṫ a láiṁ, agus guiḋiġ ċum an TIĠEARNA ar a son: óir iona síoṫċáinsion do ġeaḃṫáoisi síoṫċáin.
Ann sin a duḃradar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ, Cred do níd na Heaḃruiḋesi ann so? Agus a duḃairt Aċis re prionnsaḋuiḃ na Ḃṗilistineaċ, Naċ é so Dáiḃi, searḃḟoġantuiḋ Ṡauil ríġ Israel, noċ atá am ḟoċairsi na laéṫesi, nó na blíaḋnasa, agus ní ḃfuair mé loċd ar biṫ ann ó ṫaínic sé ċugam gus a niuġ?