Daniel 6:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)25 ¶ Annsin do scríoḃ an ríġ Dárius ċum a nuile ṗobal, ċineaḋaċa, agus teangṫa, áitreaḃus annsa talaṁ uile; Go méaduiġṫear síoṫċáin diḃ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Annsin do goireaḋ ar scriḃneóiriḃ an ríġ an treas lá déag don ċéidṁí, agus do scríoḃaḋ annsin do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Háman dfearuiḃ ionuid an ríġ, agus do na húaċtaránuiḃ do ḃí os cionn gaċ aon ṗroiḃinnsi, agus do riaġlóiriḃ a nuile ṗobuil gaċ áon ṗroiḃinnsi, do réir a scríḃinn sin, agus ċum gaċ aon ṗobail do réir a tteangṫa; a nainm an ríġ Ahasuerus do scríoḃaḋ é, agus do séuluiġeaḋ é le fáinne an ríġ.
Ann sin do goireaḋ scribneóiriḋ an ríġ sa nam sin ar an treas mí, (sí sin an ṁí Síḃan), ar an treas lá fiṫċiod don ṁí sin; agus do scrioḃaḋ (do réir a nuile ní dá ttug Mordecai uaḋ) ċum na Níuduiġeaḋ, agus ċum ḟéara ionuid an ríġ, agus na mbreiṫeaṁan, agus úaċdarán na bproiḃinnseaḋ, noċ atá ón India go nuige Etiopia, céud agus fiṫċe agus seaċd bproiḃinnsi, ċum gaċ áon ṗroiḃinnsi do réir a scríḃinne sin, agus ċum gaċ éanṗobail do réir a tteangṫa, ċum na Níuduiġeaḋ do réir a scriḃinne, agus do réir a tteangṫa.