Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 6:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus daiṫin an ríġ, agus ṫugadar leó an drong sin do rinne casaoid ar Ḋániel, agus do ṫeilgiodar a nuáiṁ na leoṁan íad, íad fein, a mná, agus a cclann; agus rugadar na leoṁuin buáiḋ orra, agus do ḃrisiodar na ccotċaiḃ a ccnáṁa suil rangadar íoċdar na húaṁa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 6:24
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt níor ṁarḃ sé clann na ndúnṁarḃṫaċ: do reír mar atá scríoḃṫa a leaḃar dliġe Ṁaóise, ann ar aiṫin an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Ní cuirfiġear na haiṫreaċa ċum báis ar son na cloinne, ní mó cuirfiġear an ċlann ċum báis ar son a naiṫreaċ; aċd cuirfiġear gaċ aon ċum báis ar son a ṗeacaiḋ féin.


Marsin do ċroċadar Háman ar an ccroiċ do rinne sé do Ṁordecai. Annsin do sguir fearg an ríġ.


Deiċ ṁic Háman ṁic Hammedata, náṁuid na Niúduiġeaḋ, do ṁarḃadar íad; aċt air a néadáil níor leagadar a láṁ.


Aċt a núair ṫáinic Ester a laṫair an ríġ, daiṫin se le litreaċaiḃ an droiċṫionnsgnaṁ, do ṫríall sé a naġaiḋ na Niúduiġeaḋ, dfilleaḋ ar a ċeann féin, agus é féin agus a ṁic do ċroċaḋ san ccroiċ.


Cúiteoċuiḋ sé olc ris a ndroing ḃíos ag forḟaire orum: scrios uáit íad ann ṫfírinne.


Tárṫuiġṫear an fíréun as a ḃuáireaḋ, agus ṫig an droċḋuine iona áit.


Ní raċaiḋ fiaḋnuise ḃréige gan dioġaltas, agus meaṫaiḋ an té laḃrus bréaga.


Do ċoṁáir mé go maidin, aṁuil leoṁan, brisfe sé mo ċnáṁa uile: ón ló gus a noiḋċe ċuirfios tú deireaḋ líom.


Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Níor éisteaḃair riomsa, a ḃfógra saóirse, gaċ áonduine dá ḋearḃraṫair, agus gaċ áonduine da ċoṁarsuin: feuċuiḋ, fúagruimsi saoirse ḋíḃ, a deir an TIĠEARNA, ċum an ċloiḋiṁ, ċum ná pláiġe, agus ċum na gorta; agus dó ḃéara mé fa deara ḃur náṫarruġaḋ do na huile rioġaċta san doṁan.


Ar a naḋḃarsin do ḃríġ go raiḃ áiṫne an ríġ éigiontaċ, agus a nfuirnís te go hiomarcaċ, do ṁarḃ lasair na teineaḋ an drong do ṫóig súas Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego.


¶ Ní cuirfiġear na haiṫre ċum báis ar son na cloinne, nó an ċlann ċum báis ar son na naiṫreaḋ: báiseoċṫar gaċ duine ar son a ċoire féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ