Daniel 6:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)22 Do ċuir mo Ḋía a aingiol, agus do ḋruid sé béil ná leoṁan, iondus nar ġortuiġeadar mé: do ḃríġ gur fríṫ neiṁċionta ionnam dá laṫair; agus fós ad ḟiaġnuisisi, a ríġ, ní ḋéarna mé urċóid ar biṫ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus do ċuir an TIĠEARNA aingeal uaḋ, noċ do ġéarr a maċ na fir ċalma uile, agus cinn feaḋna agus na cáiptiniġ annsa ḃfoslongṗort ag riġ na Hassíria. Mar sin dfill sé re náire air a éadan dá ḋúṫaiġ féin. Agus a nuáir ṫáinic sé go tiġ a ḋé, an luċd ṫáinic amaċ as a inniġiḃ fein do ṁarḃadar ann sin é leis an ccloiḋeṁ.
Annsin do laḃair Nebuċadnessar, agus a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġṫe Día Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, noċ do ċuir a aingeal úaḋ, agus do ṡáor a ṡeirḃísiġ do ċuir a ndóṫċus ann, agus do ṫarcuisniġ bríaṫar an ríġ, agus dáontuiġ a ccorp, go naċ ḃfoiġeonaidís agus naċ aiḋeoraidís dée ar bioṫ, aċt a Ndía féin.
Do ċoṁairliġiodar uile úaċdaráin na rioġaċda, na riaġlóiriġ, na prionnsaḋa, na coṁairliġ, agus na caiptíniġ lé ċéile, statúid ríoġaṁuil do ḋaingniuġaḋ, agus órduġaḋ daingion do ḋéanaṁ, giḋ bé íarrfas aṫċuinge ar bioṫ air Ḋía air biṫ nó air ḋuine air feaḋ tríoċad lá, aċt ortsa, a ríġ, a ṫeilgion a núaiṁ na leoṁan.