Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 6:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 ¶ Anois an tan do ṫuig Dániel gur séulaḋ an scríḃinn, do ċuáiḋ sé ḋá ṫiġ; agus armbeiṫ da ḟuinneóig oscuilte iona ṡeomra leaṫ ré Ierusalem, do léig sé síos air a ġlúiniḃ é trí huáire san ló, agus do ġuiḋ sé, agus rug buiḋeaċus a ḃfíaġnuise a Ḋé, mar do níoḋ sé san naimsir roiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 6:10
47 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus éistsi re gearán do ṡearḃḟoġantuiġ, agus do ṗobuil Israel, a núair do ḋéanuid guiḋe ann sa naítse: agus cluinse ann hionad coṁnuiġ féin air neaṁ: agus a núair ċluínfios tú, taḃair maiṫeaṁnus dóiḃ.


Giḋ bé urnaiġ nó gearán do ḋéantar lé duine ar biṫ, nó le pobal Israel uile, noċ a mbía a ḟios ag gaċ áon díoḃ pláiġ a ċroiḋe féin, agus go leaṫnoċaiḋ amaċ a láṁa ċum an tiġesi:


¶ Má ṫéid do ṗobal amaċ do ċaṫuġaḋ a naġaiḋ a náṁad, gioḋ bé ball a gcuirfiḋ tú íad, agus go nguiḋfid ċum an TIĠEARNA leiṫ ris an ccaṫruiġ do ṫoġ tusa, agus a leiṫ ris an tiġ do rinne misi dot ainm:


Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċrioċnuiġ Solaṁ ḃeiṫ ag guiḋe na hurnuiġse uile agus a níarratuis ċum an TIĠEARNA, déiriġ sé as fiaḋnuisé altóra an TIĠEARNA, ó ḃeiṫ ar a ġlúiniḃ maille re na láṁuiḃ leaṫnuiġ súas ċum neiṁe.


(Oír do rinne Solaṁ scafal práis, do ċúig cuḃaid ar fad, agus cúig cuḃaid ar leiṫead, agus trí cuḃaid ar áirde, agus do ċuir a lár na cúirte é: agus is air sin do ṡeas sé, agus do leíg a ġlúine fáoi as coinne ċoṁċruinniġ Israel uile, agus do leaṫnuiġ sé a láṁa amaċ leaṫ re neaṁ,)


Má ḟillid síad ċugadsa maille re na nuile croiḋe agus le na nuile anum a ttír a ndaoirsine, áit a rugadar a láiṁ íad, agus go nguiḋfid leaṫ rís an ndúiṫċe, ṫug tú dá naiṫriḃ, agus leaṫ ris an ccaṫruiġ do ṫoġ tú, agus leaṫ ris an ttiġ do rinne misi dot ainm:


¶ Agus ag íoḋbuirt an tráṫnóna déiriġ mé súas as mo ḋóḃrón; agus íar mbriseaḋ méaduiġ agus mfalluinge ḋaṁ, do léig mé ar mo ġlúiniḃ mé, agus do leaṫnuiġ mé mo láṁa amaċ ċum mo ṪIĠEARNA Dé.


Agus a duḃairt misi, An tteiṫfeaḋ duine mar misi? agus cía hé, do ḃeiṫ mar misi, do raċaḋ don teampall do ḋídean a anma? ní raċa misi a steaċ.


Beinneoċuiḋ mé an TIĠEARNA gaċ uile uáir: biáiḋ a ṁolaḋ ann mó ḃéul a ccoṁnuiġ.


Aċt air mo ṡonsa, tiocfa mé a steaċ ann do ṫiġ a niomadaṁlaċd do ṫrócaire: agus ann heagla do ḋéaġ aḋraḋ go nuige do ṫeampall náoṁṫa.


Tráṫnóna, agus air maidin, agus san meaḋon laói, do ḋéana mé urnaiġ, agus éiġfiod ós áird: agus cluinfiḋ seision mo ġuṫ.


Déan trócaire orum, a ṪIĠEARNA: óir is ċugadsa ġairim ar feaḋ an láoi.


Tagaiḋ, déanam aḋra agus cláonam: filliom ar nglúine ós coinne an TIĠEARNA ar ccruṫuiġeóir.


Annsin do ḟreagradarsan agus a duḃradar a laṫair an ríġ, Ní ḃfuil suim ag Dániel, noċ atá do ḋaóirsine ċloinne Iúdah, ionnadsa, a ríġ, nó annsa dliġeaḋ do ṡéaluiḋ tú, aċt do ní sé íarratas trí huaire san ló.


Agus do ġúiḋ mé ċum an TIĠEARNA mo Ḋía, agus do rinne mé mo ḟaóisidin, agus a duḃras, A Ṫiġearna an Día mór báoġlaċ, ag coṁall an ċunnarṫa agus trócaire don druing ġráḋuiġios é, agus don drong ċoiṁéadas a aiṫeanta;


Annsin a duḃaírt mé, Atáim teilgṫe as do raḋarcsa; giḋeaḋ féuċfaiḋ mé a rís leaṫ red ṫeampall náoṁṫa.


Agus a deir sé ris an duine agá raiḃ an láṁ ṡeargṫaiġ, Ṡeasaṁ a meaḋón ċáiċ.


Giḋ bé ṫig ċugamasa, agus naċ sé a aṫair, agus a ṁaṫair, agus a ḃean, agus a ċlann, agus a ḋearḃraiṫreaċa, agus a ḋeirḃsiúreaċa, agus fós a anam fein, ní heidir leis ḃeiṫ na ḋeiscipbal agamsa.


Agus do tairrngeaḋ eision úaṫa a dtimċeall urċair cloiċe, agus agá léigean air a ġlúiniḃ, do rinne sé urnuiġe,


Agus ar ná ṁaraċ, ag síuḃal dóiḃsean, agus ag drud ris an gcaṫraiġ, do ċuáiḋ Peadar súas ar an dtiġ do ḋéanaṁ úrnaiġe dtimċeall an seaséaḋ húair.


Oír ní ḃfuilid siad so aír misge, mar ṁeastaóise, an tan naċ ḃfuil sé aċd an treas uáir don lá.


Aċd ní ḃfuil cás agam a néinni, agus ní ḃfuil cion agam ar manum féin, aċd go dti ḋíom mo ṫuras, agus an miniosdrálaċd fuáir mé ón Dtiġearna Iósa do ċoiṁlíonaḋ maille ré gáirdeaċus, ré fíaḋnuise ḋéunaṁ do ḋóisgéul ġrás Dé.


Agus an tan a duḃairt sé na bríaṫraso, agá léigean féin ar a ġlúiniḃ, do rinne ré urnaiġe maille riúsan uile.


Agus ar gcríoċnuġaḋ na laéṫeaḋ sin, do ṫríallamar roṁain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideaċda as an gcaṫruiġ amaċ: agus do leigeamar air ar nglúiniḃ sinn ar an dtráiġ, agus do rinneamar urnuiġe.


Agus do ċúaiḋ Peadar agus Eóin a néaineaċd súas don teampoll a nam urrnuiġe, a dtimċeall a náoiṁaḋ huáir.


Agus a nois, a Ṫiġearna, taḃair aire dá mbagur: agus taḃair dod ṡearḃḟoġantuiḋiḃ féin, do ḃríaṫar a láḃairt maille ré gaċ uile ḋánaċd,


Imṫiġiḋ róṁaiḃ, agus ar seasaṁ sa teampall dáoiḃ laḃruiḋ ris an bpobal na huile ḃríaṫra na beaṫasa.


Agus ar ḃfreagra do Ṗeadar agus do na habsdaluiḃ a duḃradar, Is mó is éigin úṁluġaḋ do Ḋía, ná do ḋáoiniḃ.


Agus ar na léigean féin ar a ġlúiniḃ ḋó, do éiġ sé do ġúṫ ṁór, A Ṫiġearna, na cuir an peacaḋsa na leiṫ. Agus ar na ráḋ so ḋó do ċodail sé.


Agus ar gcur amaċ gaċ a ráiḃ a sdiġ, ar na ligean féin ar a ġlúiniḃ do Ṗeadar, do rinne sé urnaiġe; agus ar ḃfilleaḋ ċum an ċuirp a duḃairt sé, Eíriġ, a Ṫabita. Agus dosgail sisi a súile, agus ar ḃfaicsin Ṗeadair ḋi, déiriġ sí na suíḋe.


Ar a naḋḃarsa filleam mo ġlúine Daṫair ar Dtíġearna Iósa Críosd,


Ionnus gur móide dánaċd na coda as mó do na dearḃraiṫriḃ sa Dtíġearna, ċum na bréiṫré do laḃairt go neiṁeaglaċ, an ṁeisneaċ do ġaḃadar ċuca as mo ċuiḃriġṫiḃse.


Do réir mar atá mo ṡúil agus mo ṁuiniġin go géur ris, náċ ccuirfiġṫear aḋnáire oram a náoin ni, aċd maille ré gaċ uile ḋóṫċas, aṁuil do ṫarrla ḋaṁ a ríaṁ, go náirdeoċar Críosd a nois mar an gcéudna um ċorp, más tré ḃeaṫa, nó tré ḃás é.


Ná bíoḋ ró ċúram neiṫe ar biṫ oruiḃ; aċd sa nuile ní bioḋ ḃur níarratuis foillsiġṫe do Ḋía a nurnuiġe agus a naṫċuinge maille ré breiṫ buiḋeaċais.


Agus giḋ bé ar biṫ ní ḋéuntaói a mbreiṫir nó a ngníoṁ, déantar íad uile a nainm an Tíġearna Iósa, ag breiṫ ḃuíḋeaċais díḃ ré Día eaḋon an Taṫair ṫrídsion.


Uime sin foráileam ṫrídsion do ġnáṫ íoḋbairt ṁolta do Ḋía, eaḋon toraḋ na mbéol adṁuiġeas a ainm.


Ar a naḋḃarsin déunam maill ré doṫċas go hárdċaṫáoir na ngrás, ċum trócaire do ġnoḋúġaḋ, agus ġrás dfaġáil dúinn ċum furtaċda a nám ríaċdanais.


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ