Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao.
Aċt tiucfaid an dá ní se ort a móiment a náonló, caill ċloinne, agus baintreaḃaċus: tiucfuid ort ann a niomláine ar son iomadaṁlaċt do ḋraóiġeaċda, agus ar son ró iomaid do ġeasadóireaċt.
Do ḟreagair Dániel a ḃfiaġnuise an ríġ, agus a duḃairt, An tseicréid noċ dfiafruiġ an ríġ ní ḟéaduid na draóiṫe, na daóine glioca, na hastroluiġṫe, agus na fáisdiniġ, a hinnisin don ríġ:
Do ċonnairc misi Nebuċadnessar ríġ a naislingse. Anois ṫusa, a Ḃeltesassar, foillsiġ a cíall, mar naċ ḃfeaduid uile ḋaóine glioca mo rioġaċda a cíall dfoillsiuġaḋ: aċt féaduiġ tusa é; óir atá spiorad na ndée náoṁṫa ionnad.
Annsin ṫangadar na draóiṫe, na hastroluiġe, na Caldeánuiġ, agus na fáisdiníġ a steaċ: agus dinnis mé a naisling da laṫair; aċt níor ḟoillsiġiodar ḋaṁ a cíall.
Agus anois tugaḋ na daóine glioca, agus na hastroluiġṫe a steaċ dom laṫairse, iondus go leiġdis an scríḃinnsi, agus a cíall dfoillsiuġaḋ ḋaṁ: aċt níorḟéadadar cíall an neiṫe dfoillsiuġaḋ: