Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Daniel 5:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Dfúagair an ríġ go hárd na hastroluiġṫe, na Caldéanuiġ, agus an luċt áisdine do ṫaḃairt a steaċ. Agus do laḃair an ríġ, agus a duḃairt ré daóiniḃ eagnuiġe na Babilóine, Giḋ bé ar bioṫ léiġfios an scríḃinnsi, agus ṫaisbeanfus a cíall daṁsa, éideoċar é lé scáirléad, agus do ġeaḃuiḋ sé slaḃraḋ óir timċioll a ḃráġad, agus biáiḋ sé na ṫreas úaċtarán san rioġaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Daniel 5:7
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla air maidin go raiḃ a spiorad buaiḋearṫa; agus do ċuir fios, agus do ġoir ar ḋráoiṫiḃ na Hégipte uile, agus ar a ḋaóiniḃ críonna: agus do innis Ṗárao a aisling ḋóiḃ; aċ níor fríṫ áonduine do inneosaḋ a ccíall do Ṗárao.


Tareis na neiṫeánn so do ṁéuduíġ an ríġ Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteaċ, agus dárduiġ é, agus do ċuir sé a ionad suiḋe ós cionn na huile ṗrionnsaḋ da raiḃ aige.


Ann sin do ġoir Ṗárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáiḃ: a nois dráoiṫe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an moḋ céadna le na ndroiġeaċduiḃ.


Oír béid síad iona ccóruġaḋ grás dot ċionn, agus na slaḃraḋuiḃ timċioll do ḃráġad.


Is breáġḋa do ġruáiḋe lé peirsiḃ séud, do ṁuinéal lé slaḃraḋuiḃ óir.


Atá tú coirṫe a niomad do ċoiṁairleaċ. Anois seasuiġdís na néulladóiriḋe, luċt feiṫṁiġ na réultan, fáistiniġ na míos, agus sáoraidís ṫusa ó na neiṫiḃsi atá ag teaċd ort.


Atá cloiḋeaṁ ar na Caldéanaċaiḃ, a deir an TIĠEARNA, agus air áitreaḃṫaċaiḃ na Babilóine, agus air a prionnsaḋuiḃ, agus air a daóiniḃ glioca.


Do sgíaṁuiġ mé ṫú mar an ccéadna lé cúlaḋuiḃ, agus do ċuir mé bráisléid air do láṁuiḃ, agus slaḃraḋ fád ḃráġaid.


Agus fuáir an ríġ íad ní buḋ féarr deiċ nuáire náid na draóiṫe agus na hastroluiġṫe úile da raiḃ ann a rioġaċdaiḃ uile, annsna huile ċúisiḃ eagna agus tuicsiona, dar ḟíafruiġ sé ḋíoḃ.


Clann ann naċ raiḃ aineaṁ ar bioṫ, aċt íad sgíaṁaċ, agus glic ann sa nuile eagna, agus géarċúiseaċ san nuile éolus, agus ealaḋuin ṫuigsionuiġ, agus drong agá raiḃ cumas ionta ċum seasta a bpálás an riġ, agus da múinfedís foġluim agus teanga na Ccaldeánaċ.


Ann sin dfúagir an ríġ na draóiṫe do ġairm, agus na hastroluiġṫe, agus na fáistiniġ, agus na Caldeánuiġ, ċum a aislingeaḋ do ṫaisbeanaḋ don ríġ. Annsin ṫangadar agus do ṡeasadar a bfiaġnuisi an ríġ.


Do ḟreagair Dániel a ḃfiaġnuise an ríġ, agus a duḃairt, An tseicréid noċ dfiafruiġ an ríġ ní ḟéaduid na draóiṫe, na daóine glioca, na hastroluiġṫe, agus na fáisdiniġ, a hinnisin don ríġ:


Annsin do rinne an ríġ duine mór do Ḋániel, agus ṫug sé iomad tioḋlaiceaḋ ḋó, agus do rinne sé úaċdarán de ós cionn uile ṗroḃinnse na Babilóine, agus úaċdarán ós cionn uile ḋaóine glioca na Babilóine.


Aċt má ṫaisbeantaói a naisling, agus a cíall, do ġeaḃṫaói bronta náimsi agus luaiġeaċda agus onóir ṁór: nimesin foillsiġiḋ a naisling ḋaṁ, agus a ċíall.


Dfúagair seision go hárd, agus a duḃairt marso, Gearruiḋ síos an crann, agus gearruiḋ a ḃeangáin de, croiṫiḋ a ḋuille ḋe, agus díoscaóiliḋ a ṫoraḋ: imṫiġdis na beaṫuiġe ó ḃeiṫ faói, agus a néunlaiṫ ó na ḃeangánuiḃ.


Atá duine ann do rioġaċd, iona ḃfuil spiorad na ndée náoṁṫa; agus a láeṫiḃ haṫar, fríṫ solus agus tuicse agus eagna ann, cosṁuil ré heagna na ndée; noċ dá ndéarna an ríġ Nebuċadnessar haṫair, an ríġ, a deirim, haṫair, maiġistir ar na draóiṫiḃ, air na hastroluiġṫiḃ, air na Caldeánaċaiḃ, agus air na faistineaċaiḃ;


Agus anois tugaḋ na daóine glioca, agus na hastroluiġṫe a steaċ dom laṫairse, iondus go leiġdis an scríḃinnsi, agus a cíall dfoillsiuġaḋ ḋaṁ: aċt níorḟéadadar cíall an neiṫe dfoillsiuġaḋ:


Agus do ċúala mé dot ṫaoiḃsi, go ḃféudann tú cíalluġaḋ, agus fúasclaḋ ceastann: a nois má ḟéadann tú an scríḃinnsi do léaġaḋ, agus a cíall dinnisin daṁsa, éideoċar lé scáirléad ṫú, agus biáiḋ slaḃraḋ óir fád ḃráġaid, agus biáiḋ tú ad ṫreas úaċdarán annsa rioġaċt.


Annsin dfúagair Belsassar, agus déaduiġeadar Dániel le scáirléad, agus lé slaḃraḋ óir fá na ḃráġaid, agus ṫugadar fógra ḋa ṫaóiḃ, go mbíaḋ sé na ṫreas úaċdarán san rioġaċd.


Oír cuirfe mé súas ṫú a nonóir roṁóir, agus do ḋéana mé gaċ éinní déarus tú rium: tárr ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, malluiġ ḋaṁ na dáoinesi.


Agus do imṫiġeadar sinnsir Ṁoab agus sinnsir Ṁídian maille re tioġlaicṫiḃ na dráoiḋeaċda ann a láiṁ; agus tangadar go Bálaam, agus do laḃradar bríaṫra Ḃálac ris.


Ar a naḋḃarsin a nois teiṫ dod ionad féin: do ṁeas mé do ṫógḃáil ċum onóra móire; aċd, féuċ, do ċonnuiṁ an TIĠEARNA ó ónoir ṫú.


Agus a duḃradar muinntir Israel, An ḃfacaḃair an té so ṫáinic suas? go deiṁin is do ṫaḃairt masla Disrael ṫáinic sé súas: agus is aṁluiḋ ḃiás, giḋ bé duine ṁuirfios é, go ndéana an ríġ saiḋḃir é le hiomad máoine, agus go ttiuḃra a inġean dó, agus go ndéana tiġ a aṫar sáor a Nisrael.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ