5 ¶ Fa namsin féin ṫáinic amaċ méur láiṁe duine, agus do scríoḃ ṫall as coinne an ċoinnléora ar ṗlástráil ḃalla ṗáláis an ríġ: agus do ċonnairc an ríġ an ċuid don láiṁ do scríoḃ.
Air a nuáirsin féin do coiṁlíonaḋ an ní air Nebuċadnessar: agus do díoṫcuireaḋ ó ḋaóiniḃ é, agus a duáiġ sé féur aṁuil daiṁ, agus do ḃí a ċorp fliuċ lé drúċt neiṁe, nó gur ḟás a ġrúag aṁuil cleiteaċ iolair, agus a ingne aṁuil crobuiḃ éun.
Agus anois tugaḋ na daóine glioca, agus na hastroluiġṫe a steaċ dom laṫairse, iondus go leiġdis an scríḃinnsi, agus a cíall dfoillsiuġaḋ ḋaṁ: aċt níorḟéadadar cíall an neiṫe dfoillsiuġaḋ:
Annsin dáṫruiġ gnúis an ríġ, agus do ḃuáiḋreadar a smúaintiġṫe é, iondus go raḃadar ailt a leasruiġ scaóilte agus gur ḃuáiliodar a ġlúine a naġaiḋ a ċéile.