Go deiṁin is díoṁaóineas clann na ndaóine uirísiol, is bréug clann na ndaóine móra: ar na ccur a néainfeaċd a meaḋuiḃ, is éattruime íad ná an díoṁaóineas.
Agus ṫusa a ṁíc an duine, glac ċugad scían ġéur, glac ċugad scían ḃéarṫa ḃearbóir, agus taḃair uirre siuḃal air do ċeann agus air ṫféasóig: annsin glac meaḋa an toṁais, agus roinn an ġrúag.
Agus ṫug an TIĠEARNA fúagra dot ṫaóiḃ, ċor naċ síolcuirfiḋ ní is mó dot ainm: geárria mé amaċ as tiġ do ḋée an nioṁáiġ ġreanta agus an níoṁáiġ leaġṫa: do ḋéana me huáig; óir atá tú beagluáiġ.
Do ḋéuntar obair gaċ áonduine follus: óir foillseoċaiḋ an lá é, do ḃríġ go maḋ léir é ris an dteine; agus foillseóċáiḋ an teine cionnus ḃías obair gaċ éunduine.