Agus táinig Maóise agus Aáron a steaċ go Ṗárao, agus a duḃradar ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Día na Neaḃruiġeaċ, Gá fad ḃias tú ag díultaḋ ṫú féin dúṁluġaḋ dom laṫairse? léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.
Agus smaiċdeoċa mé an sáoġal ar son a nuilc, agus na ciontuiġ ar son a négceirt; agus do ḃéara mé ar ḋíomus na nuáiḃreaċ scur, agus leagfa mé go hísiol áirdinntinn na núaṫḃásaċ.
Oír a dúḃairt tú ann do ċroiḋe, Eireoċuiḋ mé súas go flaiṫeaṁnus, áirdeoċaiḋ mé mo ċaṫaoir ós cionn réulta Dé: suiġfiḋ mé fós ar ṡlíaḃ an ċoṁċruinniġṫe, ar ṫaoḃuiḃ an tuáisgeirt:
Taisbeantar faḃar don ċiontaċ, giḋeaḋ ní ḟoġluimfiḋ sé fíréantaċd: a ndúṫaiġ an ċeirt do ḋéanuiḋ go hégceart, agus ní ḟéuċfuiḋ sé air ṁórḋáċd an TIĠEARNA.
Oír ṫáinic Eóin ċugaiḃ a sliġe na córa, agus niór ċreideaḃair ḋó: aċd do ċreideadar na puiblicain agus na sdríopaċa ḋó: aċd gé do ċonncaḃairsi so, ní ḋearnaḃair aiṫriġe na ḋíaiġ sin, do ċum go gcreidfeaḋ siḃ ḋó.